I dtuairim féintionscnaimh a glacadh i mí Dheireadh Fómhair, dúirt an Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur cheart aistriú cuimsitheach go hearnáil iarnróid dhigitithe a chinntiú agus mhol sé tionscnamh a thabhairt isteach faoi stiúir an Choimisiúin chun an infheistíocht atá ag teastáil, is é sin EUR 100 billiún, a fháil.
Bhí an méid seo le rá ag rapóirtéir na tuairime, Alberto Mazzola: “Má táthar chun dlús a chur leis an digiteáil, ní mór dlús a chur leis an gCóras Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid. D’fhéadfadh an earnáil iarnróid a bheith ina cnámh droma ag gné na soghluaisteachta i bhFhéiniúlacht Dhigiteach Eorpach trí thimpeallacht rialála a spreagann iomaíocht agus nuálaíocht.”
Ní foláir tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt an chreata theicniúil agus rialála. “Ní mór do chomhpháirtithe sóisialta na hEorpa tús a chur le hidirphlé chun tionchar an uathoibrithe agus na digiteála a shainaithint agus a mhaolú, agus ar an gcaoi sin, aistriú cothrom a chinntiú,” a dúirt comhrapóirtéir na tuairime, Guy Greivelding.
Le linn an phróisis aistrithe chuig córas iarnróid digitithe, tá sé tábhachtach an ghné slándála a chur san áireamh agus bearta láidre cibearshlándála a ghlacadh. Dá bhrí sin, tá CESE ag moladh gur cheart níos mó comhair a bheith ann idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid (ERA). (sma)