Léirigh an chomhdháil seo, "Cearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta – Treochtaí san Aontas Eorpach ó thaobh na Sochaí Sibhialta", a reáchtáladh sa Bhruiséil ar an 5 Samhain, an géarghá atá ann páirt a thabhairt don tsochaí shibhialta i dtaca leis an urraim don smacht reachta a chur chun cinn san Eoraip.

Agus tuairiscí faoi sháruithe ar bhunluachanna an Aontais ag dul i méid, tharraing an chomhdháil seo aird ar an ngá atá le hidirphlé aibí agus struchtúrtha idir rialtais na mBallstát agus an tsochaí shibhialta chun an cúlú atá á dhéanamh ar an smacht reachta san Eoraip a chur ina cheart.

Ba é pointe tosaigh na comhdhála tuarascáil nuafhoilsithe ó CESE faoi staid an smachta reachta san Eoraip. Is é an Grúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta de chuid CESE a chuir an tuarascáil le chéile i ndiaidh dóibh an chéad chúpla cuairt a thabhairt ar na Ballstáit in 2018 agus in 2019 d'fhonn treochtaí ginearálta a bhaineann leis an mbunluach AE seo agus gnéithe faoi leith di a bhaineann leis na Ballstáit a bhrath. Tá sé i gceist ag an nGrúpa seo cuairt a thabhairt ar gach Ballstát sna blianta atá amach romhainn. (ll)