Is le taispeántas grianghraf, a dhíríonn ar cheann de phríomhláithreáin oidhreachta tionsclaíche na Cróite, agus le scannán a bhfuil ábhar machnaimh ann a léiríonn gurb é an gnáthrud sa saol seo anois a bheith difriúil, a chuirfear deireadh le clár cultúir CESE don bhliain 2019.
Tá taispeántas grianghrafadóireachta ar siúl ag CESE i láthair na huaire a bhaineann lena chuid oibre i réimse an athraithe thionsclaíoch. Tá sraith grianghraf den bhaile Crótach Sisak, mar a chonacthas do ghrianghrafadóirí cáiliúla de chuid na Cróite é, á léiriú faoin teideal Oidhreacht Thionsclaíoch Bhaile Sisak – San Am atá Caite agus sa Lá atá Inniu Ann ag músaem bhaile Sisak agus a ghailearaí grianghraf “Siscia obscura”. Beifear in ann cuairt a thabhairt go dtí deireadh na bliana ar an taispeántas, a d'eagraigh Grúpa na bhFostóirí in CESE agus a sheol Cathaoirleach an Ghrúpa go hoifigiúil ar an 27 Samhain in Foyer 6.
Déanfaidh CESE Downside Up!, gearrscannán tostach faoi "bheith difriúil leis an ngnás" a bhuaigh roinnt gradam idirnáisiúnta, a léiriú ar an 19 Nollaig chun Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas a chomóradh. Beidh stiúrthóir ealaíne Theatre Stap, compántas amharclannaíochta Beilgeach a bhíonn ag obair le haisteoirí faoi mhíchumas, agus príomhaisteoir an scannáin i láthair ag léiriú an scannáin agus déanfaidh siad tuairimí a mhalartú leis an lucht féachana le linn díospóireacht maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an chaoi a gcomhlíonann sé an Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas. Tá léiriú an scannáin á reáchtáil ag Roinn Cumarsáide CESE agus ag Comhchoiste CESE um Chomhionannas Deiseanna do Mhná agus d'Fhir (COPEC). (ck)