Tá cáineadh déanta ag CESE ar chinneadh ón gComhairle gan caibidlíocht aontachais a thosú leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin.

Is mór an chúis díomá do CESE gur chinn ceannairí an Aontais, ag an gComhairle Eorpach an 17-18 Deireadh Fómhair, tús na caibidlíochta aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin a chur siar arís.

Cheap Uachtarán CESE, Luca Jahier, "go raibh an cinneadh mícheart déanta ag an gComhairle den dara huair agus nár comhlíonadh an gealltanas a tugadh, rud a chuireann creidiúnacht an Aontais Eorpaigh i mbaol.” Dúirt sé gur "comhartha ciúin dlúthpháirtíochta" a bhí sa rún ó CESE.

Sa rún uaidh, deir CESE gur botún geostraitéiseach stairiúil é gan caibidlíocht a oscailt. Chuir Luca Jahier i bhfios “nár cheart don Aontas Eorpach neamhaird a thabhairt ar ghníomhaithe domhanda eile agus iad ag tabhairt faoi rudaí nua agus ag éirí níos gníomhaí sa réigiún”.

“Is ábhar dóchais í an Eoraip do na Balcáin Thiar, go háirithe do dhaoine óga”, arsa Dilyana Slavova, cathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach in CESE, agus í ag iarraidh ar chomhaltaí féachaint ar mhéadú an Aontais Eorpaigh mar athaontú.

Leagadh béim sa dearbhú ón 7ú Fóram de chuid na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar go bhféadfadh méadú an Aontais Eorpaigh luachanna daonlathacha agus caighdeáin dhlíthiúla a leathadh ar fud na mBalcán Thiar. Thug comhaltaí foláireamh nár cheart beag is fiú a dhéanamh den tionchar a bheadh ag an gcinneadh gan caibidlíocht a thosú.

Bhíothas ar aon intinn faoi "nach mór an gealltanas a tugadh a chomhlíonadh agus ábhar dóchais a thabhairt do dhaoine". (dgf)