Níor baineadh leas as acmhainneacht an bhithgheilleagair ghoirm fós san Aontas Eorpach. Molann CESE, dá bhrí sin, treoirthionscadail uile-Eorpacha a chur ar bun ina mbeidh geallsealbhóirí áitiúla agus an pobal eolaíochta rannpháirteach.

Ar iarratas ó Uachtaránacht na Fionlainne, tá tústuairim tarraingthe suas ag CESE maidir leis an mBithgheilleagar gorm, a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá bunaithe ar úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní uisceacha in-athnuaite agus as an saineolas gaolmhar. Glacadh an tuairm sin ag seisiún iomlánach CESE i mí Dheireadh Fómhair.

Mhínigh an rapóirtéir Simo Tiainen "go bhféadfaí deiseanna nua a chur ar fáil do ghnólachtaí trí bhithéagsúlacht na bhfarraigí, na lochanna agus na n-aibhneacha a athbhunú. Chuige sin, bheadh gá le nuálaíocht theicneolaíoch agus tacaíocht airgeadais trí ionstraimí iomchuí.”

Ba cheart an bithgheilleagar gorm a bheith ina phointe fócasach do chlár comhair an Aontais Eorpaigh leis na Náisiúin Aontaithe agus a bheith ina uirlis chun na cuspóirí aeráide a leagtar amach i gComhaontú Pháras a bhaint amach. “Beidh iarrachtaí tábhachtacha ag teastáil chun an bhithéagsúlacht a athbhunú in uiscí muirí agus intíre agus chun leas a bhaint as acmhainneacht na n-uiscí seo maidir le gabháil CO2. Ar an dóigh sin, is féidir poist ar ardchaighdeán a chruthú i gceantair thuaithe, chósta agus oileánacha”, a dúirt an comhrapóirtéir, Henri Malosse, mar fhocal scoir. (mr)