Beidh comhar agus comhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach, na rialtais náisiúnta agus an tsochaí shibhialta ríthábhachtach chun an athnuachan ó ghlúin go glúin sa phobal feirmeoireachta a spreagadh.

Is fadhb í an athnuachan ó ghlúin go glúin agus tá i bhfad níos mó i gceist léi ná an laghdú ar mheánaois na bhfeirmeoirí san Aontas Eorpach. Ní mór athmhachnamh a dhéanamh ar an straitéis iomlán le go mbeidh fonn ar dhaoine óga dul i dtreo na feirmeoireachta, agus ar an gcaoi sin, go ndéanfar ceantair thuaithe a athbheochan”, arsa Piroska Kállay, rapóirtéir na tuairime ó CESE a bhaineann leis an ábhar seo, a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Dheireadh Fómhair.

Tá níos mó comhleanúnachais ag teastáil idir bearta CBT, creataí dlíthiúla náisiúnta agus beartais chánachais chun aistriú gabháltas a éascú”, arsa John Bryan, comhrapóirtéir na tuairime.

Is iad na hábhair imní is mó atá ag feirmeoirí óga na hEorpa ioncam feirme, an maorlathas, an iomaíocht mhíchothrom, rochtain ar thalamh, rochtain ar mhodhanna chun eolas praiticiúil a aistriú, easpa bunseirbhísí, amhail leathanbhanda, agus an t-imeallú shóisialta. Tá cur chun feidhme rathúil na hathnuachana ó ghlúin go glúin ar cheann de na dúshláin is tábhachtaí lenár linn, ach is deis í san am céanna.

Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, dul i ngleic leis na saincheisteanna uile sin i mbuiséad CBT 2021-2027 chun na ceanglais chistiúcháin do thacaíocht fhónta a chomhlíonadh. Chuige sin, molann CESE gur cheart 2 % ar a laghad de bhuiséad CBT (Colún I agus Colún II) a leithdháileadh ar fheirmeoirí óga. (mr)