Arna reáchtáil ag an nGrúpa "Éagsúlacht Eoraip" in CESE

Toisc gur tosaíocht ag Uachtarán toghaí an Choimisiúin Eorpaigh is ea an comhionannas inscne agus go ndéanfar trasuí ar an Treoir Eorpach maidir le “Cothromaíocht oibre is saoil a éascú do thuismitheoirí agus do chúramóirí”, tá sé ríthábhachtach athbhreithniú a dhéanamh ar na hidirghníomhaíochtaí idir an comhionannas inscne, an chothromaíocht oibre, tuismitheoireacht, teaghlaigh chomhaimseartha, cúramóirí, cúnamh do bhaill teaghlaigh faoi mhíchumas, an t-aosú agus cúrsaí déimeagrafacha.

Chun plé a dhéanamh ar na saincheisteanna sin, reáchtáil an Grúpa "Éagsúlacht Eoraip" in CESE comhdháil ardleibhéal maidir le hEiseamláirí nua do shochaithe san Eoraip, an 12 Samhain, faoi stiúir Ralph Sina, stiúrthóir ar Stiúideo WDR/NDR sa Bhruiséil.

I measc na gcainteoirí bhí Virginija Langbakk, stiúrthóir ar an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, Annemie Drieskens, uachtarán ar COFACE Families Europe agus Dominique Boren, iar-uachtarán ar Ghréasán na gComhlachas Teaghlaigh LGBTIQ* san Eoraip (NELFA). 

Mhol Arno Metzler, cathaoirleach an Ghrúpa “Éagsúlacht Eoraip”, Parlaimint Eorpach na dTeaghlach a bhunú, trína bhféadfadh geallsealbhóirí aithne a chur ar a chéile agus dea-chleachtais a roinnt le chéile.

Tá cur i láthair na gcainteoirí le fáil anseo!