Ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE an 30 Deireadh Fómhair, reáchtáladh díospóireacht le Michel Barnier, Príomh-Idirbheartaí an Aontais Eorpaigh maidir le Brexit. Le linn na díospóireachta, dúirt Michel Barnier gur cheart dlúthpháirtíocht a bheith ann idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus nach mór tús áite a thabhairt don tsíocháin in Éirinn agus sláine an Mhargaidh Aonair a áirithiú.
Thug Michel Barnier an t-eolas is déanaí do chomhaltaí CESE maidir leis an gcaibidlíocht faoi Brexit agus d’áitigh sé go raibh an Coimisiún Eorpach tiomanta a chinntiú go mbeidh Brexit ordúil ann, toisc go bhfuil an baol fós ann go dtarlódh Brexit gan mhargadh. Chuir sé i bhfios go láidir nach ceann scríbe é Brexit ach gur “tús ré nua é”, agus is é an dúshlán is tábhachtaí atá romhainn anois ná comhpháirtíocht nua a fhorbairt idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, bunaithe ar dhá colún: malartú eacnamaíoch agus comhar i réimse na slándála agus na cosanta.
Chuir Uachtarán CESE, Luca Jahier, tús leis an díospóireacht agus leag sé béim ar an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag ionadaithe ón tsochaí shibhialta i ndiaidh Brexit. Bhí an méid seo le rá ag Luca Jahier: “Ní mór an caidreamh atá á fhorbairt le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Bhreatain a chothú agus a neartú. Tá bóthar fada romhainn agus an-obair fós le déanamh, ach tá CESE réidh le tacú libhse.”