D’fhéadfadh an teicneolaíocht blocshlabhra an tsochaí a athrú ó bhonn, ach tá gá le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil agus, dá réir sin, cur chuige coiteann ón Aontas. Is í seo an phríomhtheachtaireacht i dtuairim féintionscnaimh a ghlac CESE an 30 Deireadh Fómhair, ina n-iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach tionscnamh cuimsitheach a sheoladh chun údarás domhanda a dhéanamh den Aontas sa réimse seo.

Is féidir an teicneolaíocht seo a úsáid in go leor earnálacha chun cur leis an tslándáil agus an trédhearcacht agus is féidir léi cuidiú fiú leis na spriocanna forbartha inbuanaithe (SDGanna) a bhaint amach. Mar sin féin, mar atá tugtha le fios ag CESE sa tuairim uaidh, tá roinnt dúshlán a gcaithfear dul i ngleic leo fós agus tá géarghá le soiléireacht agus deimhneacht a thabhairt mar aon leis an bpríobháideachas a chosaint.

Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh cur chuige comhchoiteann de chuid an Aontais i gceist agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún tionscnamh cuimsitheach a sheoladh a mbeidh na SDGanna ina chroílár. Ba cheart an tionscnamh a chomhlánú le plean gníomhaíochta don Eoraip chun go ndéanfar pointe tagartha di don teicneolaíocht blocshlabhra ar fud an domhain.

Chuige sin, is tosaíocht é dul i ngleic leis an éiginnteacht dhlíthiúil. Tá an creat reachtach atá i bhfeidhm faoi láthair doiléir agus ilroinnte ar leibhéal na mBallstát. Tá sé bunriachtanach chomh maith an príobháideachas a chosaint, idir-inoibritheacht idir na hardáin teicneolaíochta blocshlabhra éagsúla a chinntiú agus costais idirbhirt a bhíonn toirmeascach go minic a laghdú. (dgf)