Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair, rinne CESE díospóireacht a reáchtáil maidir le rEUnaissance – Fís chúltúrtha don Eoraip.

Chuir Luca Jahier, Uachtarán CESE, tús leis an díospóireacht agus chuir sé in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil Emmanuel Macron ag tacú lena smaoineamh maidir le hAthbheochan na hEorpa. “Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh go raibh an Eoraip ina limistéar cultúrtha sula ndearnadh eintiteas polaitiúil di. Níl aonchineálacht sa limistéar sin ach tá rath uirthi mar gheall ar an éagsúlacht agus an dinimiceas atá ann.”

Dúirt Andre Wilkens, stiúrthóir ar Fhoras Cultúrtha na hEorpa, go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as an gcultúr chun pobail a roinnt, rud a bheadh ina bhagairt don lánpháirtiú Eorpach. Bhí Pier Luigi Sacco, comhairleoir speisialta don Choimisinéir Eorpach um Oideachas, Cultúr, Óige agus Spórt, Tibor Navracsics, ar aon intinn le Andre Wilkens agus dúirt sé nár cheart neamhaird a dhéanamh de chumhacht an chultúir chun difríocht a dhéanamh. Mhínigh sé go bhféadfadh an cultúr a bheith ina spreagadh d’athrú agus an imní atá ar dhaoine faoin todhchaí a laghdú.

Labhair Elke Kaschl Mohni, stiúrthóir ar Institiúid Goethe sa Bhruiséil, faoi ról an chultúir sa chaidreamh idirnáisiúnta agus leag sí béim ar an gcothroime agus ar mhalartuithe idir daoine. Dúirt sí gurb é an aidhm atá le caidreamh cultúrtha ná iontaoibh agus tuiscint a neartú. Ar deireadh, mhínigh Airan Berg, stiúrthóir ealaíne ar Fhéile na Réigiún, gur féidir leis an gcultúr agus an ealaín daoine a spreagadh chun dul sa seans agus dúshlán a thabhairt dóibh féin.

Ag deireadh na díospóireachta, dúirt Luca Jahier gur cheart tús áite a thabhairt don chultúr sa phróiseas ceaptha beartais agus mhol sé comhlacht nua a bhunú in CESE chun dul i ngleic le saincheisteanna cultúrtha. (sma)