CESE ag áitiú gurbh é an toradh nach mór a bheith ar chomhordú na mbeartas eacnamaíoch sna Ballstáit in 2020 go seachnófar an baol go dtarlóidh cúlú eacnamaíochta agus go gcuirfear geilleagar an Aontais Eorpaigh ar threo an fháis inbhuanaithe agus chuimsithigh. Ba cheart a áireamh sa chomhordú sin iarrachtaí breise athchóirithe, infheistíocht, comhlíonadh an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha (MIP) agus rannpháirtíocht níos eagraithe den tsochaí shibhialta i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh.

I dtrí dhoiciméad a glacadh le déanaí, chuir CESE fáilte roimh an dul chun cinn a rinneadh ar an Seimeastar Eorpach in 2019, amhail an fócas nua ar infheistíocht agus ról níos mó do chuspóirí sóisialta agus comhshaoil. D’éiligh sé freisin, áfach, go ndéanfaí coigeartuithe breise a d’fhéadfadh an Seimeastar a fheabhsú, na rioscaí atá ann faoi láthair a mhaolú agus an teacht aniar agus an acmhainn fáis atá i ngeilleagair AE agus an limistéir euro a mhéadú.

Creideann CESE, mar shampla, gur gá tríd an mbeartas fioscach staid fhioscach chomhiomlán dhearfach de chuid an limistéir euro a chur le beartas airgeadaíochta réidh BCE, ach prionsabail an smachta fhioscaigh a urramú.

Sa chéad timthriall eile den Seimeastar Eorpach, ba cheart bearta eile tábhachtacha a cheapadh chun:

  • athchóirithe struchtúracha éifeachtacha a spreagadh trí straitéisí infheistíochta spriocdhírithe;
  • díriú go cothrom ar spriocanna sóisialta, comhshaoil, maicreacnamaíocha agus fioscacha;
  • infheistíocht bhreise phoiblí agus phríobháideach a chothú;
  • agus a chinntiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit nós imeachta MIP.

Ar deireadh, tá CESE ag iarraidh páirt níos mó a bheith ag an tsochaí shibhialta ar an leibhéal Eorpach agus an leibhéal náisiúnta agus i gcéimeanna uile an tSeimeastair Eorpaigh. Is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar a leithéid ná tiomantas níos láidre d’athchóirithe ar an leibhéal náisiúnta agus bá níos mó do na hathchóirithe sin agus, dá bharr sin, Seimeastar Eorpach níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe a bheith ann. Ar aon dul leis sin, tá sé á mholadh ag an gCoiste go n-eagrófaí comhairliúchán bliantúil ar an tsochaí shibhialta faoi scáth CESE i ngach Ballstát agus ar leibhéal AE.

Sholáthair an Coiste ionchur beartais don chéad timthriall eile den Seimeastar Eorpach in dhá thuairim leantacha, mar atá tuairim ar an Suirbhé Bliantúil Fáis agus tuairim ar an moladh le haghaidh bheartas eacnamaíoch an limistéir euro, agus i dtuarascáil faisnéise i dtaobh cuairteanna a tugadh ar thíortha maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa Seimeastar Eorpach. (jk)