Tá moladh déanta ag CESE gur cheart don Aontas deimhniú a fhorbairt do tháirgí IS iontaofa, rud a d'eiseodh comhlacht neamhspleách tar éis na táirgí a thástáil lena áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na príomhcheanglais amhail an athléimneacht, an tsábháilteacht, agus easpa dochair, idirdhealaithe nó claonta. Cuireadh an togra i láthair in dhá thuairim a thug CESE le déanaí ina ndéantar Treoirlínte Eiticiúla an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an Intleacht Shaorga a mheas.

Creideann CESE gur mhór an cuidiú é an deimhniú sin chun muinín an phobail a mhéadú in IS san Eoraip. Cé go bhfuil roinnt daoine teann air gur gá a bheith in ann algartaim a mhíniú chun go mbeadh muinín ag daoine i bhfeidhmchláir IS, is é bun agus barr an scéil go bhfuil córais IS agus an mheaisínfhoghlaim chomh casta sin nach dtuigeann na daoine atá á bhforbairt fiú amháin cén toradh a bheidh orthu i ndáiríre, agus is amhlaidh gur gá dóibh uirlisí tástála a fhorbairt féachaint cé na teorainneacha atá leo.

Molann CESE an tástáil a fhágáil faoi chomhlacht neamhspleách – gníomhaireacht, cuibhreannas nó eintiteas éigin eile a chinnfear amach anseo – a thástálfadh na córais lena áirithiú nach bhfuil siad dochrach, idirdhealaitheach ná claonta agus go bhfuil siad athléimneach, stóinsithe agus slán go háirithe. D’fheádfadh cuideachtaí an deimhniú sin a úsáid lena chruthú go bhfuil córais IS á bhforbairt acu atá slán, iontaofa agus i gcomhréir le luachanna agus caighdeáin Eorpacha.

Is féidir táirgí IS a chur i gcomparáid le táirgí íocshláinte”, arsa Franca Salis-Madinier, rapóirtéir na tuairime seo ó CESE: Tuairim Ghinearálta maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach. “Is féidir le táirgí íocshláinte a bheith tairbheach, ach contúirteach freisin, agus sula féidir iad a chur ar an margadh ní mór iad a dheimhniú. Ní mór do na monaróirí a chruthú go bhfuil a ndóthain trialacha agus tástálacha déanta acu lena áirithiú go bhfuil a dtáirge tairbheach. Ba cheart an cur chuige céanna a ghlacadh i ndáil le meaisíní IS.”

Cuireann CESE i bhfáth freisin go bhfuil gá le rialacha soiléire maidir leis an bhfreagracht. “Ní mór an fhreagracht a nascadh le duine i gcónaí, cibé acu nádúrtha nó dlítheanach. Ní féidir meaisíní a chur faoi dhliteanas i gcás mainneachtana", arsa Ulrich Samm, rapóirtéir na tuairime seo: Tuairim CESE maidir leis an Intleacht Shaorga (IS) i leith Impleachtaí na dTreoirlínte ar Earnáil na nGluaisteán. Ina theannta sin, tharraing CESE aird ar an ngá atá ann inárachaitheacht córas IS a fhiosrú mar ábhar tosaíochta. (dm)