Dearcadh na Cosmhuintire – podchraoladh ó CESE

Eachtra 1 – Céard faoi thalamh an domhain a tharla don smacht reachta?

Titel 1

Sraith podchraoltaí nua is ea Dearcadh na Cosmhuintire a lainseáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déantar iniúchadh ann ar na hábhair chonspóideacha atá i mbéal an tslua, is cosúil, ach ó thaobh na sochaí sibhialta de, agus tugtar fianaise ann ó gheallsealbhóirí ar an láthair agus cuntais ó chomhaltaí CESE a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna sa Bhruiséil.

Available Languages:

Editorial

I bhfocail Gloria Steinem, iriseoir agus feimineach Méiriceánach: ‘is éard is sochaí chomhionann ann sochaí nach bhfuil beann ar bith aici ar an bhfocal “inscne” agus áit ina bhféadfaidh an uile dhuine a bheith ar a dhóigh féin.’

Caithfimid ár seacht ndícheall a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach. Siúd is go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta againn, is fada uainn fós an comhionannas idir fir agus mná. Le fada fiannach an lá, tá CESE ag iarraidh feasacht an phobail ina leith a mhúscailt agus an t-ábhar seo a chur ar ais ar an gclár oibre. Ní leor a thuilleadh dearbhuithe agus dea-rúin gan éifeacht, ach is gá cinntí a ghlacadh ar an leibhéal polaitiúil chun an comhionannas a bhaint amach.

Is gá dúinn steiréitíopaí gnéasaíocha a chaitheamh i gcúil choicíse. Ní foláir dúinn cur i gcoinne na steiréitíopaí a chraobhscaoiltear i gcuid de na meáin, i ngrúpaí reiligiúnacha agus grúpaí nach iad. Is éard atá á lorg againn ná go gcuirfí go tréan in aghaidh an neamhionannais inscne i ngach uile réimse den saol; mura gcuirfear, beidh feitheamh fada 100 bliain eile romhainn nó go mbainfear an comhionannas amach.

Diary Dates

An 19 Nollaig 2019, an Bhruiséil

an 16ú cruinniú de Ghrúpa Comhairleach Baile AE-Mheiriceá Láir

An 22-23 Eanáir 2020, an Bhruiséil

Seisiún iomlánach CESE

In short

Reáchtáil CESE an chéad chomhdháil dá chuid a bhí dírithe ar an smacht reachta

Léirigh an chomhdháil seo, "Cearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta – Treochtaí san Aontas Eorpach ó thaobh na Sochaí Sibhialta", a reáchtáladh sa Bhruiséil ar an 5 Samhain, an géarghá atá ann páirt a thabhairt don tsochaí shibhialta i dtaca leis an urraim don smacht reachta a chur chun cinn san Eoraip.

Lógó nua á thabhairt isteach ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Gona thrí lúb, is siombail é an lógó nua seo de mheon an chomhréitigh idir trí Ghrúpa an Choiste, rud atá i gcroílár obair CESE

Beannachtaí na féile oraibh!

A chairde,

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil libh as ucht suim a chur sa mhéid a bhí le rá againn in 2019. Is mór againn gach “is maith liom”, gach roinn agus atvuíteáil a rinneadh ar ár gcuid leathanach, agus gach aon fhocal misnigh!

Guímid beannachtaí na Nollag oraibh uile agus go raibh gach rath agus séan oraibh in 2020.

Foireann CESE info

EESC News

Tá cead tugtha ag Parlaimint na hEorpa le haghaidh Coimisiún Eorpach nua. Seoladh ar an 1 Nollaig 2019

Ráiteas ó Luca Jahier, Uachtarán CESE

Tá an solas glas faighte ag foireann #vonderleyen: anois déanaimis Eoraip Inbhuanaithe a chur i gcrích ar mhaithe lena saoránaigh!

27.11.2019

Is é toradh na vótála i bParlaimint na hEorpa inniu go bhfuil an bealach réitithe le haghaidh ré nua don Eoraip. Táim suite de go gcuirfidh Uachtarán nua an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, agus a foireann de Leas-Uachtaráin Feidhmiúcháin, Leas-Uachtaráin agus Coimisinéirí, borradh nua faoin mór-roinn seo againne, tar éis na dtorthaí dearfacha a bhí ar na toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine. Tá cúig bliana tugtha ag ár saoránaigh dúinn chun Eoraip an lae amárach a thógáil agus níor cheart dúinn an deis seo a chur amú.

“Ní ceann scríbe ach tús ré nua é Brexit”

Ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE an 30 Deireadh Fómhair, reáchtáladh díospóireacht le Michel Barnier, Príomh-Idirbheartaí an Aontais Eorpaigh maidir le Brexit. Le linn na díospóireachta, dúirt Michel Barnier gur cheart dlúthpháirtíocht a bheith ann idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus nach mór tús áite a thabhairt don tsíocháin in Éirinn agus sláine an mhargaidh aonair a áirithiú.

Agus tá Duais na Sochaí Sibhialta CESE 2019 á bhronnadh ar...

Tá cúigear iomaitheoirí as beagnach 180 tionscadal spreagúil a chuir isteach ar Dhuais na Sochaí Sibhialta 2019 roghnaithe ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Tá an Duais seo tiomnaithe do chumhachtú na mban agus don chomhrac ar son an chomhionannais idir fir agus mná.

Níor cheart cearta agus saoránacht AE a bheith ar díol

Le blianta beaga anuas, tar éis bhlianta na géarchéime airgeadais, tá scéimeanna um shaoránacht agus cónaitheacht d’infheisteoirí curtha ar bun ag roinnt Ballstát d’fhonn infheistíocht a mhealladh agus a n-ioncam a mhéadú. De réir tuairime a ghlac CESE ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair, tá rioscaí tromchúiseacha ag baint leis an gcleachtas sin agus ba cheart cosc a chur air sna Ballstáit uile.

Ní mór tosaíocht a thabhairt don fhorbairt inbhuanaithe chun todhchaí na hEorpa a chinntiú

Ní mór an fhorbairt inbhuanaithe a bheith ina gné lárnach de thodhchaí na hEorpa. Sa rún a d’ullmhaigh Patricia Círez Miqueleiz, Rudy De Leeuw agus Lutz Ribbe agus a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Dheireadh Fómhair, molann CESE don Choimisiún Eorpach a phlean oibre don bhliain 2020 agus ina diaidh a bhunú ar an gcolún seo. Tá CESE ag iarraidh straitéis uileghabhálach EU 2050 a thabhairt isteach maidir leis an inbhuanaitheacht ionas gur féidir Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus na 17 sprioc forbartha inbhuanaithe a chur chun feidhme agus tá gealltanas tugtha ag an Aontas Eorpach na spriocanna sin a bhaint amach faoi 2030.

“Botún geostraitéiseach stairiúil”

Tá cáineadh déanta ag CESE ar chinneadh ón gComhairle gan caibidlíocht aontachais a thosú leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin.

Is féidir leis an gcultúr a bheith ina spreagadh chun an tAontas Eorpach a neartú

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair, rinne CESE díospóireacht a reáchtáil maidir le rEUnaissance – Fís chúltúrtha don Eoraip.

Chuir Luca Jahier, Uachtarán CESE, tús leis an díospóireacht agus chuir sé in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil Emmanuel Macron ag tacú lena smaoineamh maidir le hAthbheochan na hEorpa. “Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh go raibh an Eoraip ina limistéar cultúrtha sula ndearnadh eintiteas polaitiúil di. Níl aonchineálacht sa limistéar sin ach tá rath uirthi mar gheall ar an éagsúlacht agus an dinimiceas atá ann.”

Tá tionscnaimh á n-iarraidh ag CESE chun deiseanna ollmhóra fáis an bhithgheilleagair ghoirm a thapú

Níor baineadh leas as acmhainneacht an bhithgheilleagair ghoirm fós san Aontas Eorpach. Molann CESE, dá bhrí sin, treoirthionscadail uile-Eorpacha a chur ar bun ina mbeidh geallsealbhóirí áitiúla agus an pobal eolaíochta rannpháirteach.

Moladh déanta ag CESE deimhniú de chuid an Aontais Eorpaigh a thabhairt isteach do tháirgí intleachta saorga (IS) iontaofa

Tá moladh déanta ag CESE gur cheart don Aontas deimhniú a fhorbairt do tháirgí IS iontaofa, rud a d'eiseodh comhlacht neamhspleách tar éis na táirgí a thástáil lena áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na príomhcheanglais amhail an athléimneacht, an tsábháilteacht, agus easpa dochair, idirdhealaithe nó claonta. Cuireadh an togra i láthair in dhá thuairim a thug CESE le déanaí ina ndéantar Treoirlínte Eiticiúla an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an Intleacht Shaorga a mheas. Tá moladh déanta ag CESE gur cheart don Aontas deimhniú a fhorbairt do tháirgí IS iontaofa, rud a d'eiseodh comhlacht neamhspleách tar éis na táirgí a thástáil lena áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na príomhcheanglais amhail an athléimneacht, an tsábháilteacht, agus easpa dochair, idirdhealaithe nó claonta. Cuireadh an togra i láthair in dhá thuairim a thug CESE le déanaí ina ndéantar Treoirlínte Eiticiúla an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an Intleacht Shaorga a mheas.

Is é tuairim CESE gur cheart do AE a bheith ina cheannaire domhanda sa teicneolaíocht blocshlabhra

D’fhéadfadh an teicneolaíocht blocshlabhra an tsochaí a athrú ó bhonn, ach tá gá le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil agus, dá réir sin, cur chuige coiteann ón Aontas. Is í seo an phríomhtheachtaireacht i dtuairim féintionscnaimh a ghlac CESE an 30 Deireadh Fómhair, ina n-iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach tionscnamh cuimsitheach a sheoladh chun údarás domhanda a dhéanamh den Aontas sa réimse seo.

Comhbheartas talmhaíochta (CBT) á iarraidh ag CESE a chabhróidh leis an athnuachan ó ghlúin go glúin a chinntiú

Beidh comhar agus comhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach, na rialtais náisiúnta agus an tsochaí shibhialta ríthábhachtach chun an athnuachan ó ghlúin go glúin sa phobal feirmeoireachta a spreagadh.

An Seimeastar Eorpach: ba cheart díriú ar an bhfás inbhuanaithe agus cuimsitheach i dtimthriall buiséid 2020

CESE ag áitiú gurbh é an toradh nach mór a bheith ar chomhordú na mbeartas eacnamaíoch sna Ballstáit in 2020 go seachnófar an baol go dtarlóidh cúlú eacnamaíochta agus go gcuirfear geilleagar an Aontais Eorpaigh ar threo an fháis inbhuanaithe agus chuimsithigh. Ba cheart a áireamh sa chomhordú sin iarrachtaí breise athchóirithe, infheistíocht, comhlíonadh an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha (MIP) agus rannpháirtíocht níos eagraithe den tsochaí shibhialta i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh.

Ba cheart don earnáil iarnróid a bheith ina heiseamláir don aistriú rianúil cuimsitheach chuig an ré dhigiteach

I dtuairim féintionscnaimh a glacadh i mí Dheireadh Fómhair, dúirt an Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur cheart aistriú cuimsitheach go hearnáil iarnróid dhigitithe a chinntiú agus mhol sé tionscnamh a thabhairt isteach faoi stiúir an Choimisiúin chun an infheistíocht atá ag teastáil, is é sin EUR 100 billiún, a fháil.

News from the Groups

Is féidir le gnólachtaí tacú leis an inbhuanaitheacht!

Le Grúpa na bhFostóirí in CESE

Tá an inbhuanaitheacht ríthábhachtach do ghnólachtaí agus d’fhostóirí, a bhfuil ról lárnach acu maidir leis an bhforbairt a bhrú chun cinn. Tá geilleagar iontaofa láidir riachtanach le haghaidh forbairt inbhuanaithe. Ní mór réitigh a shainaithint atá tairbheach ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de. Cé go bhfuil roinnt geallsealbhóirí ar aon intinn maidir leis an inbhuanaitheacht, is minic a bhíonn cur chuige difriúil acu.

An Inbhuanaitheacht i gClár Oibre 2020 an Choimisiúin Eorpaigh

le Grúpa na nOibrithe in CESE

I dtéarma oifige nua Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin, is iad na ceithre shaincheist is mó tábhacht ó thaobh tosaíochtaí polaitiúla de ná an digiteáil, an t-athrú aeráide, an déimeagrafaíocht agus an domhandú. Chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin, tá gá le samhail thionsclaíoch inbhuanaithe nua lenar féidir aistriú cothrom a dhéanamh i dtreo geilleagar ciorclach glas. Is léir dúinn ón am atá thart (mar a tharla i gcás na gilets jaunes) nach mbeidh tacaíocht an phobail leis na bearta sin, is cuma géarghá a bheith leo nó gan a bheith, mura dtabharfar aird ar oibrithe agus mura roinnfear an t-ualach go cothrom ar an uile dhuine.

Eiseamláirí nua do shochaithe san Eoraip

Arna reáchtáil ag an nGrúpa "Éagsúlacht Eoraip" in CESE

Toisc gur tosaíocht ag Uachtarán toghaí an Choimisiúin Eorpaigh is ea an comhionannas inscne agus go ndéanfar trasuí ar an Treoir Eorpach maidir le “Cothromaíocht oibre is saoil a éascú do thuismitheoirí agus do chúramóirí”, tá sé ríthábhachtach athbhreithniú a dhéanamh ar na hidirghníomhaíochtaí idir an comhionannas inscne, an chothromaíocht oibre, tuismitheoireacht, teaghlaigh chomhaimseartha, cúramóirí, cúnamh do bhaill teaghlaigh faoi mhíchumas, an t-aosú agus cúrsaí déimeagrafacha.

Soon in the EESC/Cultural events

Taispeántas grianghraf agus léiriú scannáin á chur ar siúl chun críoch a chur le himeachtaí cultúir CESE don bhliain 2019

Is le taispeántas grianghraf, a dhíríonn ar cheann de phríomhláithreáin oidhreachta tionsclaíche na Cróite, agus le scannán a bhfuil ábhar machnaimh ann a léiríonn gurb é an gnáthrud sa saol seo anois a bheith difriúil, a chuirfear deireadh le clár cultúir CESE don bhliain 2019.