I dtuarascáil ó CESE tharraing sé aird ar chúig réimse sa chlár atá ag an gCoimisiúin Eorpach chun feabhas a chur ar reachtaíocht an Aontais (“Rialáil níos fearr), réimsí nach mór athruithe a dhéanamh orthu má táthar chun leanúint ar aghaidh leis an gclár amach anseo. Creideann CESE, áfach, gur toradh dearfach atá ar chlár 2014-2019 ar an iomlán.

Ag an seisiún iomlánach a bhí aige i Meán Fómhair, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuarascáil ar an gclár "Rialáil níos Fearr" ón gCoimisiún Eorpach, ina gcuireann sé i bhfáth gur chuidigh an clár, tríd is tríd, le feabhas a chur ar an rialáil san Aontas Eorpach. Creideann sé gur cheart leanúint den chlár sin, ach tá rabhadh tugtha aige in aghaidh é a úsáid in ionad cinntí polaitiúla, agus tá béim curtha aige ar a thábhachtaí is atá sé seasamh le cearta tomhaltóirí agus saoránach.

Thug an rapóirtéir, Denis Meynent, an rabhadh seo: "Ní féidir Rialáil níos fearr a chur in áit cinntí polaitiúla agus níor cheart i gcás ar bith go dtiocfadh dírialáil aisti nó go laghdófaí an leibhéal cosanta sóisialta, comhshaoil agus tomhaltóirí ná go laghdófaí cosaint na gceart bunúsach".

Tá sé curtha i bhfáth ag CESE go bhfuil cúig phríomhlaige sa chlár:

- measúnuithe tionchair ar cheart iad a bheith bunaithe ar níos lú critéir eacnamaíocha, gan iad a bheith chomh dírithe sin ar chostas, iad a bheith curtha i gcrích go neamhspleách agus seiceáil inbhuanaitheachta a bheith san áireamh leo;

- comhairliúcháin phoiblí a thugann léargas róshimplí ar an staid san Eoraip a bhuí le himthosca cultúrtha agus eacnamaíocha;

- an rómhaorlathas, rud a bhfuiltear ag dul thar fóir leis fós;

- prionsabal na nuálaíochta nach bhfuil soiléir go leor lena chur in ionad phrionsabal an réamhchuraim go héifeachtúil, ar prionsabal é ar cheart dó fós a bheith mar chéadrogha;

- an tArdán REFIT atá á cháineadh aige as easpa saineolais, costais dhíréireacha, fadálacht, aighneachtaí atá ag teacht salach ar a chéile, dúbláil in obair mheithleacha na Comhairle, agus as ról níos lú a thabhairt do CESE i gcomparáid leis na geallsealbhóirí eile.