leis an nGrúpa "Éagsúlacht Eoraip" in CESE

Déanfaidh an Grúpa "Éagsúlacht Eoraip" cruinniú urghnách a reáchtáil an 12 Samhain i bhfoirgneamh CESE sa Bhruiséil. Is é an aidhm atá leis an gcomhdháil tús a chur leis an bplé faoi "Eiseamláirí nua do shochaithe na hEorpa". Agus machnamh a dhéanamh faoin gcaoi le meonta a athrú agus claontuairimí a chloígh.

Agus tús a chur le comhrá agus idirphlé!

Le scór go leith de bhlianta nó mar sin, tá sochaithe ag athrú de bharr na bhforbairtí sóisialta atá tarlaithe. Ar cheann de na forbairtí is suntasaí tá go bhfuil mná ag déanamh dul chun cinn de réir a chéile ionsar chomhionannas san ionad oibre.

Ag an am céanna, tá struchtúr socheolaíoch nua tagtha ar an saol: níos lú daoine ag pósadh, iad níos sine agus iad ag pósadh, níos mó ag colscaradh agus ag scaradh, agus céatadán níos airde de theaghlaigh aontuismitheora agus de theaghlaigh chomhghnéis agus chumaisc. De réir mar a dhéanfar trasuí sna Ballstáit ar an Treoir Eorpach maidir le Cothromaíocht oibre is saoil a éascú do thuismitheoirí agus do chúramóirí, beidh sé ríthábhachtach don tsochaí shibhialta teagmháil a dhéanamh le lucht déanta beartais náisiúnta agus Eorpach le go bhféadfaidh an tsochaí léirmheas a dhéanamh ar na beartais agus ar an reachtaíocht i réimse na cothromaíochta oibre agus saoil.

Beidh an ócáid ar siúl ó 9 a.m. go dtí 6 p.m. Tar éis an tseisiúin oscailte tabharfar an dá phríomhóráid – Cén fáth a bhfuil sé chomh deacair sin fós comhdheiseanna a chruthú idir fir agus mná san ionad oibre? agus Tógáil clainne agus saol an teaghlaigh a roinnt sa 21ú haois: treochtaí, dul chun cinn agus dúshláin.

Beidh ábhair eile i gcroílár an phlé a dhéanfar:

  • Dearcthaí na sochaí i leith tógáil clainne agus saol teaghlaigh
  • Dúshláin a bhaineann le hidirphlé na sochaí sóisialta agus sibhialta
  • Réitigh de chuid an ghnáthphobail a chur i bhfeidhm
  • Comhdheiseanna do chách: an bealach chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach

Tabharfar tuilleadh eolais go luath. Is féidir clár na comhdhála a fheiceáil anseo. (ih)