Ní mór don Aontas Eorpach béim níos mó a chur ar shlabhraí gearra soláthair agus ar an agra-éiceolaíocht san fheirmeoireacht le go bhféadfar an talmhaíocht a chaomhnú san Eoraip agus í a dhéanamh níos seasmhaí in aghaidh dúshláin nua ar nós an athraithe aeráide. Is slí í an agra-éiceolaíocht, freisin, chun ár soláthar bia a chosaint agus bia níos folláine a bheith againn, rud a chuireann le luach an bhia. Cabhróidh slabhraí gearra soláthair le feirmeacha beaga cur lena gcuid ioncaim agus beocht a chur i gceantair thuaithe.

A bhuí le slabhraí gearra soláthair, is féidir poist a chruthú agus an geilleagar a fhás agus, de réir a chéile, saibhreas a dhéanamh, go háirithe i gceantair thuaithe. Is é an dúshlán atá ann, dá bhrí sin, é a chur ar chumas oibreoirí eacnamaíocha córais bia áitiúil a chruthú atá á stiúradh go háitiúil. Tá – agus beidh – ról tábhachtach ag an digiteáil i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i gceannach agus díol", a mhínigh Geneviève Savigny, rapóirtéir na tuairime ar shlabhraí gearra agus malartacha soláthair bia a chur chun cinn san Aontas Eorpach: ról na hagra-éiceolaíochta.

Chun tionscadal na hagra-éiceolaíochta a leathnú amach ar fud na hEorpa, tá sé beartaithe ag CESE plean gníomhaíochta struchtúrtha ilghnéitheach a chur i bhfeidhm a mbeadh baint ag leibhéil réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha leis. Ba cheart na cláir atá ann cheana a dhíriú ar bhearta tacaíochta san agra-éiceolaíocht agus ar shlabhraí gearra soláthair.

D'fhéadfadh beartas cuimsitheach bia a bheith i gcreat an phlean gníomhaíochta, rud atá á mholadh ag CESE le blianta fada. Lena chois sin, d'fhéadfadh CESE a bheith ina áisitheoir don phlean sin. (sma)