
Tá an samhradh agus saoire an tsamhraidh linn! Níl am níos fearr ann ná an t-am seo den bhliain le teacht ar ais chugat féin, nó le heolas a chur ar rudaí nua: teorainneacha a thrasnú, aithne a chur ar chultúir nua, teangacha nua a fhoghlaim nó foinsí inspioráide a aimsiú...
Ina dhiaidh sin, beidh ar gach duine filleadh ar an obair, tráth a mbeidh an iliomad smaointe nua ann toisc Parlaimint agus Coimisiún Eorpach nua a bheith againn.