Comóradh 80 bliain ó tháinig deireadh le Cogadh an Gheimhridh idir an tAontas Sóivéadach agus an Fhionlainn a bhí ann. Cuireadh an comóradh náisiúnta ar ceal mar gheall ar an gcoróinvíreas ach, mar sin féin, bhuail na cloig ar a 11 a.m. i ngach ceann de na heaglaisí Liútaracha, Ceartchreidmheacha agus Caitliceacha ar fud na tíre. Chuaigh mé amach faoin aer chun éisteacht leis an gclingireacht agus céard a bhí romham ach Heilsincí agus í beagnach tréigthe ar fad.

 

Mhair Cogadh an Gheimhridh ar feadh 105 lá – agus mhair mo thréimhse féinleithlisithe chomh fada céanna, tréimhse a thosaigh cothrom an lae a tháinig deireadh leis an gcogadh. Cé go dtaitníonn mo chomhluadar féin liom, scaití bhíodh sé deacair orm a bheith ag féinleithlisiú. Ansin chuir mé an cheist seo orm féin: má bhí mo thuismitheoirí in ann ag na coinníollacha uafásacha a bhain leis an gcogadh – throid m’athair sna línte tosaigh ag teocht 30 céim faoi bhun an reophointe agus bhí mo mháthair sa bhaile ina haonar agus leanbh nuabheirthe faoina cúram, céard a bhí agamsa, mar sin, le bheith ag clamhsán faoi?

 

Thuig mé ansin go raibh an t-ádh orm i ndáiríre; go raibh mé in ann dul amach taobh amuigh am ar bith ba mhian liom. Agus bhain mé leas as an deis sin na céadta ciliméadar a shiúl – timpeall an chósta, den chuid is mó.

 

Thug an eagraíocht a bhfuil mé i mo bhall di an-aird ar an méid a bhí ag tarlú i ngnólachtaí na tíre agus chuir sí moltaí ar fáil don rialtas maidir le conas gnólachtaí agus poist a shábháil. Bhí an réamhaisnéis ghearrthéarmach an-ghruama, agus níl an todhchaí chomh soiléir sin go fóill. Ach nuair a thosaigh ceannairí na ngnólachtaí ag pleanáil na mbeart chun teacht amach as an ngéarchéim seo go stuama, thosaigh dóchas nua ag soilsiú.

 

In éineacht le mo chuid comhghleacaithe, d’ullmhaigh mé na tograí ó Ghrúpa na bhFostóirí in CESE maidir le dul i ngleic le géarchéim an choróinvíris: an chaoi le cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí Eorpacha teacht slán as an ngéarchéim agus gan poist a chailleadh, agus an chaoi le borradh a chur faoi théarnamh gheilleagar an Aontais. A bhuí le huirlisí digiteacha, lean mo chuid oibre le CESE ar aghaidh mar is gnách, den chuid is mó, in ainneoin na gcúinsí eisceachtúla. Thaitin sé liom nár thóg sé i bhfad go dtí go raibh mo leabharlann ar cheann de na hionaid tionóil, áit a mbuailfinn le mo chuid comhghleacaithe ó gach cearn den Aontas Eorpach.

 

Chuir an dianghlasáil le mo shaol pearsanta chomh maith. Bhí sé d’onóir agam a bheith i mo bhé filíochta ar líne agus gur cuireadh neart dánta chugam – gach ceann níos deise ná an ceann a tháinig roimhe. Ba mhaith liom ceann de na dánta a roinnt libh chun spiorad an mhisnigh agus na tacaíochta a léiriú, agus tá súil agam gur féidir linn go léir misneach agus tacaíocht a thabhairt dá chéile:

 

Ní lá i rith na seachtaine atá agam duit, ach Domhnach.

Ná ní gnáthchúraimí an lae a mbíonn an-dua leo atá agam duit.

Ach an Domhnach lena spéir ard a choinníonn súil ar an saol thíos faoi.

(aistriúchán scaoilte go Gaeilge atá anseo tar éis dó a bheith aistrithe ón bhFionlainnis go Béarla cheana féin)