Dearcadh na Cosmhuintire - Podchraoladh 8 : Nuair a thiteann saol na hoibre as a chéile
Nuair a bhuail COVID-19 an Eoraip, ní hamháin go raibh ospidéil ar tí titim as a chéile ach chuir sé rudaí trína chéile ar bhealaí eile chomh maith: tháinig meath ar olltáirgeacht intíre (OTI) na hEorpa, thit an tóin as an táirgeadh tionsclaíoch agus chaill na mílte a bpost. Agus níl cuma rómhaith ar an todhchaí ach an oiread. Ar chlár 8 - "Nuair a thiteann saol na hoibre as a chéile” - déanaimid machnamh ar céard a d'fhéadfadh an tAontas a dhéanamh maidir leis an bhfostaíocht, sna réimsí sin nach bhfuil ach cumhachtaí teoranta aige iontu. Labhraíomar leis an Ollamh Caroline de la Porte ó Scoil Ghnó Chóbanhávan, a thug léargas gearr dúinn ar na treoirlínte fostaíochta, uirlis a chuireann ar chumas an Aontais beartais fostaíochta na mBallstát a chomhordú. D’inis Ellen Nygren, comhalta de chuid CESE, dúinn faoin togra ó CESE maidir leis an gcaoi ar cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte fostaíochta i bhfianaise ghéarchéim COVID-19 lena chinntiú go gcuideoidh na Ballstáit, i measc rudaí eile, le daoine féinfhostaithe san Eoraip – ar nós an cheoltóra Phortaingéalaigh, Tiago Rodrigues. D’inis sé a scéal dúinn, faoin gcaoi ar chaill sé féin agus a bhanna ceoil, 5EX Band, a slí bheatha thar oíche.