European Economic
and Social Committee
Ba cheart do na meáin cúl a thabhairt leis an gcarthanacht agus iad ag trácht ar an míchumas
Is minic gur cur síos teoranta truacánta a dhéanann na meáin san Eoraip ar dhaoine atá faoi mhíchumas, cur síos nach mbíonn bunús dá laghad leis ach míthuiscintí. Lena chois sin, níl an tairiscint de chláir nuachta agus shiamsaíochta atá ar fáil sásúil chun na critéir maidir le láninrochtaineacht a chomhlíonadh, agus fágann sin go bhfuil neart le déanamh go fóill ag na meáin Eorpacha sula mbeidh siad in ann tuairisciú cruinn cuimsitheach a dhéanamh ar an míchumas.
Ba é an ról lárnach atá ag na meáin chun feasacht a ardú ar chearta daoine faoi mhíchumas agus chun an stiogma agus an chlaontacht i gcoinne na ndaoine sin, rud atá go smior go fóill i sochaí na hEorpa, a throid, téama don chomhdháil dar teideal Eolas a Sholáthar ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a d'eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) sa Bhruiséil an 28 Meitheamh.
"Ba cheart an t-eolas a sholáthraítear ar na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas a bheith ina chuid thábhachtach de cheist níos leithne, is é sin an chaoi a gcuirimid éagsúlacht ár sochaí ina hiomláine in iúl. Is é sin croílár ár gcuid luachanna daonlathacha. Beidh sé ar cheann de na ceisteanna is tábhachtaí sna blianta atá le teacht, " arsa Ioannis Vardakastanis, comhalta de chuid CESE, agus é ag cur tús leis an ócáid.
Thug an chomhdháil le chéile comhaltaí de chuid CESE agus ionadaithe as eagraíochtaí éagsúla neamhrialtais a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Bhí ionadaithe i láthair freisin as Aontas Craolacháin na hEorpa (European Broadcasting Union) agus as an Institiúid um Éagsúlacht na Meán (), eagraíocht a dhéanann maoirseacht ar na meáin agus a spreagann tuairisciú freagrach ar an éagsúlacht. (ll)