Ghlac Dilyana Slavova, cathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach in CESE, páirt in imeacht idirnáisiúnta a d’óstáil CESE an 3 Iúil dar téama "An geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta sa Túinéis: ról agus tacaíocht an Aontais". Bhí cainteoirí ardleibhéil eile rannpháirteach ann freisin, ina measc Samir Taïeb, Aire Talmhaíochta na Túinéise, agus Michael Koehler, Stiúrthóir Chomharsanacht an Deiscirt ag an gCoimisiún Eorpach.

Ina hóráid, mhínigh Dilyana Slavova go raibh an Túinéis ina "príomh-chomhpháirtí do CESE sa réigiún EuroMed" le fada an lá agus dúirt sí freisin "go raibh údaráis na Túinéise agus an tAontas Eorpach ag seinm ar an gcorda céanna ó thaobh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta de maidir le ceisteanna amhail talmhaíocht, infheistíocht, trádáil agus cumhachtú na mban.”

Maidir le ceann de na príomhcheisteanna leanúnacha, na hath-idirbheartaíochtaí i leith chomhaontú Iar-Cotonou, dhearbhaigh Dilyana Slavova gur mhaith le sochaí shibhialta an Aontais, a ndéanann CESE ionadaíocht uirthi, agus comhpháirtithe na Túinéise araon go mbeadh "áit uaillmhianach" ag an tsochaí shibhialta sna hidirbheartaíochtaí.(dgf)