Chuir na Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta náisiúnta agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa teachtaireacht ón Róimh chuig ceannairí an Aontais Eorpaigh; tháinig na comhairlí le chéile sa Róimh an 13-14 Meitheamh chun an ról atá acu i bhforbairt inbhuanaithe na hEorpa agus i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a phlé.

Ba iad CESE agus Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na hIodáile (CNEL) a d'eagraigh an plé mar chuid de Chruinniú Bliantúil Uachtaráin agus Ardrúnaithe CESE agus Chomhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

I measc na bpríomhchainteoirí a labhair le linn an tseisiúin oscailte, ar ar fhreastail Uachtarán na hIodáile, Sergio Mattarella, bhí Aire Gnóthaí Eachtracha na hIodáile, Enzo Moavero Milanesi agus Uachtarán CNEL, Tiziano Treu.

D'iarr Uachtarán CESE, Luca Jahier, ar Pharlaimint nua na hEorpa agus ar an gCoimisiún nua ceannaireacht pholaitiúil láidir cheannasach a thabhairt le go bhféadfaí ceannródaí domhanda san fhorbairt inbhuanaithe a dhéanamh den Eoraip.

Seo a leanas príomhchonclúidí an phlé a rinneadh agus a cuireadh chuig príomhinstitiúidí an Aontais Eorpaigh:

  • Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe a bheith ina thosaíocht uileghabhálach ag an Aontas Eorpach go ceann deich mbliana d'fhonn aghaidh a thabhairt ar chúig athrú bhunúsacha:
    • claochlú an gheilleagair;
    • claochlú fuinnimh agus éiceolaíoch;
    • claochlú mór sóisialta;
    • claochlú daonlathach agus rannpháirtíochta agus
    • athrú geopholaitiúil sa chaidreamh idirnáisiúnta.
  • Rachaidh Clár Oibre 2030 chun tairbhe:
    • d'fhostóirí, mar gur ar an leibhéal domhanda sna hearnálacha a bhfuil nasc acu leis an gClár Oibre don Fhorbairt Inbhuanaithe a bheidh láthair chatha an iomaíochais;
    • d'oibrithe, ós rud é go bhfuil roinnt spriocanna forbartha inbhuanaithe nasctha le gné shóisialta na hEorpa;
    • don tsochaí shibhialta, ós rud é, má bhíonn sí lánpháirteach i rialachas an chláir oibre, go bhféadfadh barrthábhacht a bheith léi d'fhonn faireachán cuí a dhéanamh ar chur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe.
  • Is gá plean oibre a tharraingt suas chun dlús a chur le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhfuil codanna móra de nach ndeachthas i ngleic leo go fóill.
  • Ba chóir próiseas an tSeimeastair Eorpaigh a chur in oiriúint do Chlár Oibre 2030.
  • Ba chóir 40% de bhuiséad iomlán an Aontais don tréimhse 2021-2027 a chur in áirithe don fhorbairt inbhuanaithe.
  • Ba chóir leasuachtarán a mbeadh sé de chúram air na spriocanna forbartha inbhuanaithe a chuimsiú i mbeartais uile an Aontais Eorpaigh a bheith sa Choimisiún nua.
  • Is tionscadal dóchais agus dochloíteachta é seo a bhfuil sé d'acmhainn ann an aontacht agus an dlúthpháirtíocht a neartú san Aontas Eorpach, maille leis an tsochaí shibhialta, agus go háirithe daoine óga, a spreagadh.
  • D'fhéadfadh Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta gníomhú mar chomhairlí rannpháirtíochta sibhialta a bhféadfaí an cúram a chur orthu comhairliúcháin phoiblí a eagrú maidir le samhlacha nua don fhorbairt inbhuanaithe.
  • Toisc gurb é an tAontas Eorpach an geilleagar is mó ar domhan, ní mór dó ról lárnach a bheith aige, trína bheartas trádála, i gcur chun cinn an chláir oibre don fhorbairt inbhuanaithe ar an leibhéal domhanda.

Tá conclúidí an chruinnithe ina n-iomláine le fáil anseo. (dm)