Bhuail toscaireacht ó CESE le hionadaithe ó cheardchumainn, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ón rialtas áitiúil i Malaga na Spáinne le déanaí, mar chuid de staidéar ar shamhlacha eacnamaíocha nua arb é is aidhm dóibh an tionchar fadtéarmach a bheadh acu ar shamhlacha eacnamaíocha an Aontais a mheas.

Tháinig toscaireacht ó CESE, ar a raibh  Violeta JELIĆ (Fostóirí), Franca SALIS-MADINIER (Oibrithe) agus Carlos TRIAS PINTO (Grúpa "Éagsúlacht Eoraip"), le chéile le roinnt geallsealbhóirí ag an Ionad um Nuálaíocht Shóisialta "La Noria" an 14 Meitheamh.

Thug an cruinniú fóram institiúideach do gheallsealbhóirí chun a dtaithí agus a ndearcadh a roinnt agus chun díriú ar an ngaol idir samhlacha eacnamaíocha nua agus patrúin tomhaltais, an margadh saothair agus an inbhuanaitheacht.

Ba é seo an chéad cheann de sheacht misean go dtí Ballstáit de chuid an Aontais arna reáchtáil ag an bhFaireachlann um an Margadh Aonair, a bhfuil an staidéar seo á sheoladh aici. Is éard is aidhm do na misin seo dul i mbun idirphlé leis na geallsealbhóirí náisiúnta ó na hearnálacha príobháideacha agus poiblí ábhartha.

Eiseofar tuarascáil go luath in 2020 ina ndéanfar moltaí praiticiúla a bheidh dírithe ar institiúidí an Aontais, go háirithe an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa, maidir leis an gcaoi chun monatóireacht a dhéanamh ar thionchar samhlacha eacnamaíocha ar Mhargadh Aonair an Aontais d’fhonn féachaint chuige go seasfadh sé an aimsir. (jpf)