An mbeifear in ann tionscal eitlíochta na hEorpa a chur ag eitilt arís tar éis dó na heitleáin a choinneáil ar an talamh le míonna anuas, go háirithe agus é i gcruachás anois de thoradh COVID-19, ar thaobh amháin, agus na géarchéime aeráide, ar an taobh eile? Roinnfidh Thomas Kropp, comhairleoir sinsearach do Lufthansa agus rapóirtéir tuairime a d'eisigh CESE maidir leis na rialacha a ghabhann le sealanna tuirlingthe aerfoirt a tharscaoileadh le linn COVID-19, Saim Saeed, tuairisceoir ar cheisteanna a bhaineann leis an tsoghluaisteacht atá ag obair do Politico Europe, agus Agathe Bounfour, atá i gceannas ar bheartais iompair le Climate Action Network France, a gcuid tuairimí linn.