Ní raibh sé ródheacair ormsa a bheith sáinnithe sa bhaile. Tá a lán rudaí curtha ar an méar fhada agam leis na blianta agus thug sé seans dom díriú orthu sin. Bhain mé an-sásamh as a bheith in ann ord agus eagar a chur orthu. D’éirigh liom eagar a chur ar sheanghrianghraif agus ar sheoda cuimhne ár muintire a bhí cruinnithe le chéile agam as tithe ár dtuismitheoirí. Bhí tocht orm agus mé ag tabhairt faoi sin. Agus bhí deis agam tabhairt faoi rudaí a d’airigh mé uaim le fada – obair cheardaíochta, bácáil cácaí, cócaireacht, agus licéir thraidisiúnta, subha agus torthaí leasaithe de chuid na Gréige a dhéanamh – rudaí nach n-éiríonn liom a dhéanamh de ghnáth agus an clog ag breith orm.


Ar an taobh eile den scéal, bhí sé an-chrua orainn nach rabhamar in ann ár gclann a fheiceáil; ní chónaíonn siad linne. An mac is óige, théadh sé thar an teach thíos faoin mbalcóin agus d’fheicimis síos uainn é, agus b’éagmais mhór é sin orainn a bhí an-chrua. Maidir le mo mhac atá i Sasana, bhímis i dteagmháil le chéile ar líne. Agus cé gur nasc fíorúil a bhí eadrainn, bhíodh call againn leis a bheith i dteagmháil níos minice ná mar is gnách linn a bheith.

Airím gur tháinig roinnt nósanna luachmhara a bhí ligthe i ndearmad againn ar ais chugainn, mar shampla tacaíocht a thabhairt dá chéile, beannú do chomharsana nach raibh sé de nós againn a thuilleadh beannú dóibh, nó, agus muid suite ar an mbalcóin, gáire a dhéanamh le daoine a bhí ag dul tharainn thíos ar an tsráid. Le linn na paindéime, tháinig mothúcháin a bhí caillte againn, mar a tharlaíonn sé, chun cinn arís. Bhí dearmad déanta againn ar an mbuíochas. Bhí talamh slán déanta againn den tsláinte. Cé a chreidfeadh é go dtarlódh sé in 2020 go ndéanfadh víreas an oiread sin dochair, nach bhféadfadh aon bhaint a bheith againn le roinnt de na daoine is gaire dár gcroíthe, go bhfaigheadh an oiread sin daoine bás i dtír in aice linn. Fágann sin ar fad go n-athraíonn an chaoi a smaoinímid agus go ndéanaimid na bunluchanna a mairimid dá réir a mheas as an nua.

A bhuíochas don phaindéim tuigimid freisin cé chomh tábhachtach agus atá an eolaíocht inár saol. Is gá tús a chur le comhrá le go bhfeicfimid cé na tíortha is mó a buaileadh agus cén fáth, agus le go ndéanfaimid scrúdú ar ról an phobalachais agus na dteoiricí comhcheilge agus fiú ar an ngluaiseacht frithvacsaínithe sna tíortha sin. Tá roinnt tíortha amhail an Ghréig cosanta ag an nglacadh atá ag na polaiteoirí agus ag an bpobal leis an eolaíocht agus ag an muinín atá acu aisti. Sílim go gcaithfear an comhrá a dhíriú freisin ar an ról a bhí ag an eaglais, na meáin chumarsáide agus pearsana móra poiblí le linn na paindéime.

Tá sé thar a bheith tábhachtach gur tuigeadh sna tíortha éagsúla an fiúntas atá ina gcóras náisiúnta sláinte toisc gur léir dúinn le blianta beaga anuas, i bhfianaise an domhandaithe agus na béime atá á cur ag an tsochaí ar ar bhrabús a dhéanamh, nach féidir roinnt seirbhísí a chur ar fáil ag úsáid cur chuige atá dírithe ar bhrabús. Bhí faillí déanta sna córais náisiúnta sláinte agus thuigeamar an chaoi a gcaithfeadh siad feidhmiú, ní hamháin le linn paindéime, ach ó cheann ceann na bliana.
Táimid faoi chomaoin mhór ag na daoine sin a bhí i mbéal an chatha ainneoin na ndeacrachtaí go léir atá sna córais náisiúnta sláinte.

Is mian liom cúpla focal a scríobh faoi na tomhaltóirí. Ar an drochuair, mar gheall ar an bpaindéim i roinnt mhaith Ballstát, tá an chosaint a thugtar do thomhaltóirí, go háirithe paisinéirí/taistealaithe, imithe in olcas. Cé gur mhol an Coimisinéir Eorpach atá freagrach as an réimse do na Ballstáit gan reachtaíocht a chur ar fionraí a thugann cosaint do thomhaltóirí i réimsí na n-aersheirbhísí, na dturas láneagraithe agus an iompair, is é a tharla, ar an drochuair, gur chuir a lán de na Ballstáit an reachtaíocht sin ar fionraí. Dá bhrí sin, in ionad a bheith in ann ár gcuid airgid a fháil ar ais nuair a chuirimid ticéad ar ceal, ní thugtar dúinn ach dearbhán nach bhfuil aon bharántas ag dul leis i gcás ina dtitfeadh an tóin as an gcomhlacht taistil agus nach bhfuil bailí ach ar feadh 12 go 18 mí. Mura n-éireodh linn an dearbhán a úsáid sa tréimhse ama sin, bheimis i dteideal ár gcuid airgid a fháil ar ais. Sin iasacht saor ó ús atá an comhlacht taistil a fháil as póca an tomhaltóra, cé go raibh tionchar ag an bpaindéim ar an tomhaltóir freisin. Is eol dom daoine áirithe nach mbeidh an dearbhán sin uathu go deo mar gur scéal cinnte é nach n-úsáidfear é sa tréimhse 12 go 18 mí (e.g. turas scoile dalta a chríochnaigh an scoil i mbliana). Ach fágann sin go mbeidh, ar feadh 12 go 18 mí, iasacht saor ó ús tugtha ag tuismitheoir an dalta sin do na daoine a bhíonn ag eagrú na dturas sin. Ní féidir glacadh leis go bhfuil srianta á gcur i bhfeidhm ar chearta tomhaltóirí.

Lena chois sin, toisc go mairimid sa ré dhigiteach agus go bhfuilimid uile ag obair ón mbaile agus go bhfuil an t-idirlíon in úsáid againn níos minice ná riamh, tá i bhfad níos mó caimiléireachta ag tarlú ar líne, agus níos mó den bhréagnuacht á scaipeadh faoi theoiricí comhcheilge, i measc rudaí eile.

Ar an taobh eile den scéal, caithfimid a chinntiú go gcosnaítear cearta dílsithe na n-oibrithe nuair a bhíonn siadsan ag obair ón mbaile. Réimse a gcaithfear scrúdú a dhéanamh air is ea an chaoi a ríomhtar toradh oibre an té atá ag obair ón mbaile, an chaoi ar cheart an fheidhmíocht sin a mheas agus caithfear, ar aon nós, an caidreamh oibre a bhíonn ann i gcás cianoibre a mheas.

Paraiméadar an-tábhachtach eile a thosaigh CESE a chur chun cinn – agus ar léirigh an tUachtarán Luca Jahier a thacaíocht dó i dteachtaireacht Twitter – is ea an moladh a rinne príomhaire na Gréige go n-eagrófaí córas soláthair phoiblí amháin idir na Ballstáit maidir le vacsaíní, córacha leighis, cógais agus trealamh tástála a sholáthar, i gcaoi is nach bhfágfaí aon Bhallstát in éagmais na soláthairtí sin is tábhachtaí do shaol an duine.

Sin tionscnamh nach mór do CESE a chur chun cinn, i bhfoirm tuairim féintionscnaimh, lena chinntiú go mbeidh an teacht céanna ag na Ballstáit go léir ar theiripí vacsaíne agus ar thástálacha diagnóiseacha. Ní mór dom a rá gur mhór an chúis áthais dom nuair a cuireadh an tionscnamh sin faoi bhráid an Uachtaráin Luca Jahier agus Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC) agus gur gheall siad go dtabharfaidís a dtacaíocht dó.