Ar an 20 Bealtaine, reáchtáil Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Luca Jahier, seimineár gréasáin dar teideal An imirce in aimsir COVID-19 – tragóid nach bhfuil ligthe i ndearmad ach dá teastaíonn Comhaontú nua AE.

Labhair daoine éagsúla a bhfuil ardmheas ar a dtuairimí i réimse na himirce le linn an tseimineáir. Ina measc bhí Notis Mitarachi, Aire Imirce agus Tearmainn na Gréige agus Feisire Eorpach, Juan Fernando López Aguilar, Cathaoirleach an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus Catherine Woollard, Ardrúnaí na Comhairle Eorpaí um Dhídeanaithe agus um Dheoraithe.

Phléigh an painéal an tionchar a bhí ag an ráig de COVID-19 ar an imirce agus ar iarrthóirí tearmainn san Aontas agus rinneadh plé freisin faoina bhféadfadh an tAontas, faoi dheireadh, teacht ar bhealach éifeachtúil chun an imirce a bhainistiú agus dlúthpháirtíocht nua a chruthú sa réimse sin.

Bhí saincheist na dlúthpháirtíochta idir na tíortha a ghlacann le himircigh, agus an chaoi a ndéantar iarrthóirí tearmainn atá ag teacht isteach san Eoraip a dháileadh, gan réiteach i bhfad roimh an bpaindéim, agus táthar ag súil go ndíreofar ar an gceist sin athuair nuair a mhaolóidh tíortha an Aontais na srianta teorann agus taistil tráth a bhfuil na mílte imirceach sáinnithe agus iad ar a mbealach tríd an Eoraip.

“Tá brí nua leis an bhfocal ‘dlúthpháirtíocht’ i gcomhthéacs na gcinntí atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach, cinntí nach bhfacthas a leithéid cheana, agus sa chaoi a bhfuil na Ballstáit ag déileáil leis an ngéarchéim COVID-19. Ní mór don chomhaontú nua maidir le himirce agus tearmann an leibhéal céanna dlúthpháirtíochta a thabhairt idir na Ballstáit agus na tríú tíortha agus a thugtar idir na Ballstáit féin, ar mhaithe le cearta agus dínit na n-imirceach agus na ndídeanaithe,” a dúirt an tUasal Jahier.

Bhí an Comhaontú Eorpach um Inimirce agus um Thearmann leagtha amach do mhí an Mhárta 2020, ach cuireadh moill air mar gheall ar an bpaindéim.

Dúirt an tUasal Mitarachi go raibh sé ríthábhachtach go mbeadh imirce dhleathach againn san Eoraip seachas “an imirce randamach atá á feiceáil againn faoi láthair. Ba cheart seasamh níos doichte a bheith againn maidir le beartas um fhilleadh dóibh siúd nach gcáilíonn do stádas dídeanaí, agus ba cheart go mbeadh sé sin ina phríomhphointe sa chomhaontú nua maidir leis an imirce. Níl na hacmhainní chun déileáil leis na sreabha imirce ag na Ballstáit sin atá ar theorainneacha seachtracha an Aontais.”

Thug Catherine Woollard rabhadh faoin tsamhail dlúthpháirtíochta sholúbtha trína meastar gur bailiúchán uirlisí atá sa dlúthpháirtíocht agus go bhfuil rogha ag na Ballstáit maidir le cén chaoi a mbainfidh siad leas astu agus cén uair a dhéanfaidh siad sin. Seo mar a labhair sí: “Is oibleagáid í an dlúthpháirtíocht sna conarthaí Eorpacha atá sínithe ag na Ballstáit uile; ní rud roghnach atá ann.”

Dúirt an tUasal López Aguilar gur iomaí cúis imní atá againn faoin gcás agus” go bhfuil cúis mhaith againn a bheith ag éileamh beart ón gCoimisiún. Ba cheart go mbeadh údarás éigin de chuid an Aontais ann chun an dlúthpháirtíocht a fhorfheidhmiú agus lena chinntiú nach bhfágtar roinnt tíortha leo féin.” (ll)