Bhí mo thaithí féin le roinnt seachtainí anuas – a bheag nó a mhór ar nós taithí gach duine eile – eisceachtúil agus chuir sé go mór le mo shaol.

Ar an 11 Márta, tháinig mé abhaile ón mBruiséil deireanach san oíche, agus mé an-tuirseach. Ba léir nach mbeimis ag taisteal sna laethanta ina dhiaidh sin mar gheall ar na bagairtí anaithnide a bhain le COVID-19, agus bhí áthas orm an deis a fháil cúpla lá suaimhneach a chaitheamh i m’oifig, rud nach raibh aon súil agam leis. Ach tháinig athrú ar chúrsaí.

D’iarr duine de mo chuid iníonacha orm an bhféadfadh sí fanacht lena fear céile agus lena triúr páistí beaga inár dteach saoire sa Bhoihéim Theas (áit iarghúlta mar nach síníonn an bóthar feirme fiú) ar feadh cúpla seachtain. Bhí cuideachta a fir céile tar éis ordú dianghlasála a chur i bhfeidhm agus bheadh sé ag obair ón mbaile do na chéad trí mhí eile. Bhí mé sásta go mbeidís in ann fanacht in áit shábháilte agus bhuail mé leo ann in éineacht le m’fhear céile. Ní raibh sé i gceist againn ach an deireadh seachtaine a chaitheamh ann chun cúnamh a thabhairt dóibh leis an obair chothabhála tar éis an gheimhridh, ach is é a tharla sa deireadh gur fhanamar ann ar feadh seacht seachtaine.

Ina dhiaidh sin, bhuail an dara hiníon s'agam agus a mac óg linn agus d'fhan siad linn ar feadh tamaill.

De bharr go raibh cúigear daoine fásta, agus triúr ina measc ag obair ón mbaile, mar aon le ceathrar páistí faoin aon díon amháin, ní raibh an saol i dteach beag, gan ann ach seomra téite amháin agus trí sheomra leapa fhuara, éasca dúinne i gcónaí. Le linn na laethanta fada sin a bhí dian ach mall, ar bhealach, ag an am céanna, fuair mé amach na rudaí seo a leanas agus sílimse go bhfuil siad tábhachtach:

  • Is é an chuid is tábhachtaí den éadach a chaitheann tú agus tú ag obair ón mbaile ná stocaí teolaí.
  • Thar oíche, bhí baint an-mhór ag an teicneolaíocht dhigiteach leis an saol, agus d'oibrigh sin amach dúinn;
  • Má chócarálann tú goulash ar shorn adhmaid ar feadh thart ar chúig uair an chloig, bíonn blas iontach air;
  • Tá sé an-deacair, mura bhfuil sé dodhéanta ar fad, cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach agus sos ceart ón teicneolaíocht a ghlacadh le linn a leithéidí de thréimhsí dúshlánacha, agus ní mór dúinn oibriú air sin;
  • Píosa spraoi atá ann cóisir deochanna fhíorúil a eagrú;
  • Tá go leor oibre le déanamh ag na ceardchumainn anois agus tá siad níos tábhachtaí anois ná riamh;
  • Thosaigh an oiread sin cairde ag cur glaoch orainn agus ag comhrá linn, díreach le bheith cinnte go rabhamar ceart go leor;
  • Cén fáth a gcaithfidh daoine bás a fháil san Eoraip sular féidir linn a admháil go bhféadfadh réitigh Eorpacha a bheith ina mbealach an-mhaith chun cinn?
  • Is rogha maith iad cruinnithe fíorúla mar phlean B ach níl a shárú ann agus teacht le chéile aghaidh ar aghaidh;
  • Ó am go chéile, tá sé úsáideach snas a chur ar na scéalta am codlata agus ar na rainn páistí atá ar eolas agat;
  • Ag am atá chomh cinniúnach sin, ní mór d'fhormhór de mhuintir na tíre dlúthpháirtíocht, daonnacht agus comhar a léiriú, agus baineann sin na deora asam.

Nuair a d'fhilleamar ar an oifig i lár mhí na Bealtaine, bhí sé an-soiléir nach raibh an obair chrua ach ina tús – tá deireadh ag teacht leis an ngéarchéim shláinte, tá súil agam, ach tá géarchéim eacnamaíoch ag teacht chun cinn ina háit. Gach lá, cailleann tuilleadh daoine a bpost agus dúntar cuideachtaí. Seachas a bheith ag féachaint le borradh a chur faoin ngeilleagar agus lena chinntiú go bhfaighidh iad siúd atá ag obair a gcuid pá agus tuarastal, nár cheart dúinn a bheith ag obair go dian chomh maith chun todhchaí choiteann agus níos cothroime a chinntiú san Eoraip ionas go mbeidh muintir na hEorpa slán sábháilte, i mbarr a sláinte, ag seasamh gualainn ar ghualainn le chéile agus saol maith á chaitheamh acu mar aon le hioncam réasúnta agus cothrom á fháil acu?