Ós rud é go bhfuil cónaí orm faoin tuath agus gur breá liom an gharraíodóireacht, ní foláir dom a rá nár chuir an dianghlasáil isteach go rómhór orm; ach ba chur isteach orm é, gan dabht, nach raibh mé in ann na daoine is ionúine liom, idir dhaoine muinteartha agus chairde, a fheiceáil.

Dar liom go bhfuil trí cinn de cheachtanna le foghlaim ón ngéarchéim seo. Ar an gcéad dul síos, cé gur éirigh leis an Aontas Eorpach teacht ar réiteach buiséadach a chuideodh leis an téarnamh, ba chúis áiféala é nach ndearnadh dóthain comhairliúcháin idir na Ballstáit maidir le soláthar feistí sláinte ag buaic na géarchéime ná maidir leis na bearta a bhí le déanamh le linn na dianghlasála. Dá mba rud é go raibh tuilleadh comhleanúnachais le sonrú lena linn sin, b’fhearr a thuigfeadh na saoránaigh luach an Aontais.

Is é seo an dara ceacht a d’fhoghlaim mé, ag díriú dom anois ar ar tharla i mo thír féin: ní ar an gcaoi ar theip glan ar bhainisteoirí áirithe déileáil leis an ngéarchéim a fhad a bhain leis an gcumarsáid agus le soláthar trealaimh chosanta ba mhaith liom díriú, ach ar an díograis a léirigh a lán daoine le linn na géarchéime, i réimse na sláinte, gan amhras, ach i réimsí eile sa saol freisin. Go deimhin, is iad na seirbhísí poiblí, a gcaitear anuas orthu go mór ar uairibh, a chuir ar ár gcumas mar shochaí teacht slán as an ngéarchéim seo; ná dearmadaimis ach chomh beag an chaoi ar slógadh oiread sin saoránach de mheon dlúthpháirtíochta.

An tríú ceacht atá le foghlaim, dar liom, baineann sé leis an teacht aniar atá sna saoránaigh agus an ghuaim is féidir leo a chur orthu féin nuair is gá sin. Cúrsaí sláinte a bhí i gceist sa chás seo, ar ndóigh; agus comhrac á chur againn ar víreas aduain nach bhfuil leigheas ar fáil ina chomhair.

Dá bhféadfainn achainí a dhéanamh, seo mar a bheadh: ar an gcaoi chéanna is a tugadh éisteacht do lucht an tsaineolais le linn na géarchéime sláinte seo, ba mhaith liom go dtabharfaí éisteacht do thuairim na gclíomeolaithe agus saineolaithe eile maidir le bainistiú an aistrithe aeráide ar mhaithe leis an téarnamh. 

I gcás earnáil na talmhaíochta, cé gur cuireadh obair an earraigh i gcrích faoi dhea-chúinsí, d’fhág an dianghlasáil agus dúnadh na gcuideachtaí agus earnáil na n-óstán, na mbialann agus na gcaiféanna (Horeca) gur tháinig laghdú ar an éileamh. De thoradh an laghdaithe sin brúdh síos praghsanna táirgí áirithe amhail bainne, muiceoil, catagóirí áirithe beostoic nó, go háirithe i gcás na Beilge, prátaí, ar an ábhar gur druideadh na monarchana próiseála, ar onnmhaireoirí móra táirgí iad siúd de ghnáth.

Tá earnáil na gairneoireachta thíos leis go mór toisc na dianghlasála agus toisc nach bhfuil dóthain oibrithe séasúracha ar fáil chun torthaí beaga a bhuain. Os a choinne sin, is fiú a rá go bhfuil dea-scéala ann do na feirmeoirí sin a roghnaigh a gcuid táirgí a dhíol go díreach ar láthair na feirme.

Tá na tomhaltóirí tar éis iompú go mór athuair i dtreo táirgí áitiúla, baineadh sin le hearnálacha na feola agus na déiríochta nó le hearnálacha na dtorthaí agus na nglasraí. Go leana siad orthu ar an gcaoi sin san aimsir atá amach romhainn!