Is iomaí cor a chuir mo ghiúmar de le linn dom an scaradh sóisialta a chleachtadh óir ba é a mhothaigh mé i rith na chéad chéime den phaindéim ná buairt i ngeall ar an drochbhail a chuirfeadh sí ar mo thír féin, agus, roinnt seachtainí ina dhiaidh sin, buairt faoina raibh i ndán don chuid eile den Aontas Eorpach. I ndiaidh na buartha sin luigh m'intinn ar an gcaoi ab fhearr chun aghaidh a thabhairt ar an tubaiste seo, tubaiste nár shamhlaigh mé riamh a thiocfadh a fhad liom le mo shaol.

Le linn an ama sin, nuair a thuig mé a mhéid daoine a bhí buailte leis an víreas agus a mhéid díobh sin a fuair bás dá dheasca, b’ionadh liom nach raibh comhbheartas ceart sláinte againn. Deimhniú dom ar an méid sin ab ea na deacrachtaí ollmhóra a bhí ann ar leibhéal an Aontais chun cúrsaí sláinte a chomhordú agus mar bharr ar an donas bhí easpa dlúthpháirtíochta le tabhairt faoi deara freisin.

Sna seachtainí amach romhainn inseoidh an aimsir an mbeidh ar chumas na mBallstát a leas féin mar thíortha náisiúnta a chur i leataobh i dtreo gur féidir, ar mhaithe leis an uile Bhallstát, freastal mar is cóir ar na riachtanais shóisialta agus eacnamaíocha atá ag saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais Eorpaigh. Ní mór dúinn aire cheart a thabhairt dóibh siúd a chaill a bpost nó atá i mbaol a bpost a chailleadh.

Mar sin féin, chuir an cruachás seo i bhfáth dúinn an tábhacht nach beag atá le go leor gairmeacha. Táim ag cuimhneamh anseo ar dhochtúirí, altraí, na fórsaí slándála, an tseirbhís cosanta sibhialta, na feirmeoirí agus an slabhra agraibhia a chinntigh nach mbeadh ganntanas bia ann, murab ionann agus an ganntanas masc, maipíní agus feistí leighis a bhí le sonrú i measc oibrithe sláinte sna hospidéil agus sa phobal.

Maidir leis na mothúcháin a d’airigh mé le linn dom a bheith do m’fhéinleithlisiú, bhraith mé uaim mo theaghlach, mo phost, an caidreamh le daoine eile, agus mo chairde. D’éirigh liom san am céanna athmhachnamh a dhéanamh ar na luachanna is tábhachtaí sa saol seo, a raibh faillí déanta agam go minic iontu, agus meas ceart a bheith agam orthu athuair. A luaithe a bheimid ábalta filleadh ar an ngnáthshaol, is ar na daoine is ionúine liom, idir ghaolta agus chairde, is túisce a chuimhneoidh mé.

Anuas ar iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha na paindéime, beidh tionchar aici freisin ar cháilíocht saoil na saoránach; sin é an fáth a gcaithfimid teacht ar mhodh maireachtála níos fearr agus níos inbhuanaithe a oirfidh don saol nua seo romhainn. Sin é is lú is gann dúinn a dhéanamh, ar mhaithe linn féin agus, go háirithe, ar mhaithe leo siúd a fuair bás den choróinvíreas, óir is cuí agus is cóir go dtagróinnse dóibh sin mar chuimhneamh scoir.