Tá Duais na Sochaí Sibhialta 2019 de chuid CESE tiomnaithe do chumhachtú na mban agus don troid ar son an chomhionannais idir fir agus mná
Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar chomórtas 2019
Tá Duais na Sochaí Sibhialta 2019 seolta ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Is é téama na bliana seo Tuilleadh ban i sochaí agus i ngeilleagar na hEorpa agus bronnfar an duais in urraim do thionscnaimh agus tionscadail nuálacha a chuireann comhdheiseanna do mhná agus d'fhir agus an chóir chomhionann eatarthu chun cinn i réimsí uile an tsaoil eacnamaíoch agus shóisialta.
Is féidir le gach eagraíocht sochaí sibhialta atá cláraithe san Aontas Eorpach agus atá ag gníomhú ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta, réigiúnach nó Eorpach iarratas a chur isteach ar chomórtas Dhuais na Sochaí Sibhialta. Is féidir le daoine aonair iarratas a chur isteach freisin. Le bheith incháilithe, ní mór do thionscnaimh nó do thionscadail a bheith curtha i gcrích cheana nó ar siúl go fóill.
Bronnfar EUR 50 000 ar chúigear buaiteoirí ar a mhéad. Caithfidh na hiarratais a bheith istigh faoi 10 a.m. an 6 Meán Fómhair agus tionólfar an searmanas bronnta an 12 Nollaig 2019 sa Bhruiséil.
Tá an fhoirm iarratais ar líne mar aon le cur síos iomlán ar na rialacha le fáil ar ár leathanach gréasáin. (ll)