Ó bhí an 14 Bealtaine ann, níl aon earraí plaisteacha aon uaire ná táirgí atá clúdaithe le plaisteach á n-úsáid sa cheaintín ag CESE/CER i bhfoirgneamh Jacques Delors, rud a fhágann gurb é ceaintín na gCoistí an chéad cheaintín saor ó phlaisteach sna hinstitiúidí Eorpacha.

Tá cosc ar phlátaí, gloiní agus sceanra atá déanta as plaisteach, níl fáil ach ar uisce a thagann as na scairdeáin uisce agus is i mbuidéil ghloine nó i gcannaí a dhíoltar na deochanna eile go léir.

Is cur chuige cuimsitheach ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht é an cur chuige saor ó phlaisteach a thosaigh in 2011 nuair a shínigh ceaintín CESE/CER an clár um cheaintíní inbhuanaithe a bhí ag Réigiún Príomhchathartha na Bruiséile. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, ghnóthaigh ár gceaintín an séala Good Food (agus fuair dhá fhorc as trí cinn), an scéim deimhniúcháin atá ag Réigiún Príomhchathartha na Bruiséile chun aitheantas a thabhairt do bhialanna a chuireann bia sláintiúil inbhuanaithe ar fáil.

Is toradh ar fhís agus ar dhea-obair sheirbhís EMAS in CESE/CER, i gcomhar leis an gconraitheoir lónadóireachta, atá sa mhéid sin atá bainte amach againn. Tá an dá Choiste ar aon fhocal faoi go bhfuil dúshláin fós le sárú, e.g. na rialacha céanna a chur i bhfeidhm sna caifitéirí agus seomraí cruinnithe i bhfoirgnimh na gCoistí agus an úsáid a bhaintear as táirgí aon uaire a dhíspreagadh. (ll/dgf/ls)