"Grand Départ" na gcóras iompair glan

An 3 Iúil 2019, cuirfidh CESE fáilte roimh Alberto Toscano, iriseoir agus údar an leabhair Gino Bartali: una bici contro il fascismo a foilsíodh faoin teideal Béarla , chun plé a dhéanamh ar chórais iompair ghlana. Duine de churaidh rothaíochta na hIodáile ba ea Gino Bartali agus bhí réimeas Mussolini an-mhórálach as. B'fhear neamhghnách é, laoch discréideach, a shábháil na céadta Giúdach Iodálach le linn bhlianta an Uileloiscthe. Tá an chaint a thabharfaidh Alberto Toscano á heagrú ag an Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise (TEN) in CESE an tseachtain chéanna a bheidh "Grand Départ" Tour de France 2019 ag tarlú sa Bhruiséil (an 7 Iúil 2019). Is é is aidhm don ócáid urraim a thabhairt don spórt agus do mhodh iompair nach bhfuil díobhálach don chomhshaol, agus freisin do luachanna daonna.

Cuirfear an scríbhneoir i láthair an tslua i dtosach agus ansin beidh plé ann faoin iompar glan. Dar le Pierre Jean Coulon, cathaoirleach na Rannóige TEN, tá sé tábhachtach go ndéanfadh daoine a gcuid nósanna a athrú – athrú ó mhodhanna iompair aonair go modhanna iompair coiteanna (iompar poiblí, carr-roinnt, etc.) – agus go ndéanfadh na húdaráis pholaitiúla an t-athrú sin a éascú (trí, mar shampla, praghas níos réasúnta a ghearradh ar sheirbhísí iompair). Ar na daoine sin a ghlacfaidh páirt sa phlé, beidh comhaltaí agus ionadaithe CESE agus ionadaithe ó chathracha Pháras agus na Bruiséile, agus ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach. (ab)