Tá iarrtha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar na Ballstáit timpeallacht dhearfach a chruthú a chuirfeadh an daonchairdeas chun cinn i gcomhréir le saoirsí agus cearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Lena chois sin, tá sé molta aige dóibh aitheantas a thabhairt don daonchairdeas agus é a chur chun cinn mar shlí chun tiomantas na sochaí don leas coiteann a léiriú.

Sa chéad tuairim uaidh a bhaineann go sonrach leis an daonchairdeas, molann an Coiste gur cheart é a bheith ina thosaíocht ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit gníomhaíochtaí trasteorann a éascú i réimse an daonchairdis. Mar sin féin, thug an Coiste le fios nach féidir a bheith i dtuilleamaí an daonchairdis as féin in ionad córas leasa shóisialta agus córais chosanta sóisialta láidre atá bunaithe ar cheartas cánach agus ar bheartais éifeachtacha fostaíochta. Ina ionad sin, ba cheart na córais sin a neartú agus a fhorbairt tuilleadh, rud a chuirfeadh feabhas ar chumas eagraíochtaí daonchairdis "na bearnaí a líonadh" agus a chuirfeadh leis an maoiniú i sainréimsí ar leith ina bhfuil tacaíocht phoiblí in easnamh. "Aithnímid an ghné chomhlántach agus an breisluach nuálach a d’fhéadfadh an daonchairdeas cur leis an gcomhtháthú sóisialta trí luachanna coiteanna a neartú agus an tsochaí a dhéanamh níos acmhainní", arsa rapóirtéir na tuairime, Petru Sorin Dandea. Leag sé béim air gur cheart do na bearta daonchairdis a bheith trédhearcach i gcónaí agus gur cheart sin a chur chun cinn le bearta slándála náisiúnta agus Eorpacha. Léiríonn na figiúirí gur fhás an daonchairdeas go tapa san Eoraip le tríocha bliain anuas, agus go bhfuil EUR 87.5 billiún in aghaidh na bliana de shíntiúis daonchairdis á dtabhairt san Eoraip, agus is meastachán coimeádach é sin féin. (ll)