le Grúpa na bhFostóirí in CESE
Infheistíochtaí san Aontas Eorpach, na dúshláin atá roimh an Aontas san am i láthair agus na tosaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chéad téarma eile den Choimisiún Eorpach agus de Pharlaimint na hEorpa — ba iad sin na príomhábhair plé idir Jyrki Katainen, leas-uachtarán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, agus comhaltaí Ghrúpa na bhFostóirí, a bhí ar siúl le linn chruinniú an ghrúpa an 15 Bealtaine 2019.
Chuir Jacek Krawczyk, cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí, fáilte roimh an Uasal Katainen agus ghabh sé buíochas leis as a mhisniúla agus as a thiomanta a bhí sé i mbun an smacht reachta agus cearta bunúsacha san Aontas Eorpach a chosaint. Ghabh sé buíochas leis freisin de bharr an chruinnithe a bhí acu le chéile roimhe sin sa Choimisiún Eorpach nuair a bhí an deis aige an dearbhú a d’eisigh Grúpa na bhFostóirí roimh na toghcháin Eorpacha a thabhairt don Uasal Katainen.
Chuir Tellervo Kylä-Harakka-Ruonala, leaschathaoirleach an Ghrúpa, in iúl go raibh fostóirí an-tiomanta don fhorbairt inbhuanaithe, réimse beartais a bhfuil a dhúthracht caite ag an Uasal Katainen leis. Dúirt sí ina theannta sin nach raibh an t-aitheantas, mar ba cheart, á thabhairt fós do ról na hearnála gnó agus an fháis eacnamaíoch i dtaca leis an bhforbairt inbhuanaithe a bhaint amach.
Agus achoimre á déanamh ag an Uasal Katainen ar théarma oifige an Choimisiúin Eorpaigh, a dtiocfaidh deireadh leis gan mhoill, leag sé béim ar an dul chun cinn nach beag maidir le comhtháthú a bhí déanta i réimsí áirithe cosúil le haontas na margaí caipitil, an t-aontas fuinnimh agus an margadh digiteach aonair. D’admhaigh sé gur mhó i bhfad anois an dúshlán a bhí iomaitheoirí ar fud an domhain a chur roimh an Aontas Eorpach ná mar a bhí roinnt blianta ó shin. Ina cheann sin, teastaíonn ó thíortha áirithe gur Aontas lagaithe scoilte a bheadh san Aontas Eorpach. "Sin é an fáth a gcaithfimid leasanna eacnamaíocha agus luachanna na hEorpa a chosaint," a dúirt an tUasal Katainen.(lj)