Beidh , taispeántas de chuid CESE, ar siúl le linn fhéile na Laethanta Eorpacha don Fhorbairt

Cuirfear an taispeántas griangrafadóireachta Together for Inclusion ar siúl an 18 agus an 19 Meitheamh 2019 sa sráidbhaile domhanda ag na Laethanta Eorpacha don Fhorbairt 2019, arna eagrú ag an gCoimisiún Eorpach in Tour & Taxis sa Bhruiséil.

D'eagraigh CESE an taispeántas i gcomhpháirtíocht leis an gCuibhreannas Idirnáisiúnta um Míchumas agus um Fhorbairt (IDDC) agus cuireadh ar taispeáint in CESE é an Nollaig seo caite chun comóradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas.

Beidh deich gcinn de na grianghraif a bhuaigh an comórtas a bhí ag IDDC in 2017 le feiceáil sa taispeántas – grianghraif de dhaoine faoi mhíchumas agus léiriú dearfach tugtha orthu agus iad i mbun ghnóthaí an tsaoil seo.

Tuilleadh eolais: https://eudevdays.eu/about-edd (cc)