Taispeántas ealaíne: "Sochaithe Iarthionsclaíocha: Ealaín & Géarchéim Luachanna"

Tionólfaidh CESE an taispeántas ealaíne "Post-industrial Societies: Art & Crisis of Values/Sociétés post-industrielles: Art & crise des valeurs" chun saothar an ealaíontóra Spáinnigh, Jesus Montoia Oribe, a chur ar taispeáint. Tá an taispeántas á eagrú chun aird a tharraingt ar an obair atá déanta ag CESE i réimse an athraithe thionsclaíoch, agus is ar an ábhar sin atá an Coiste ag obair i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI). Beidh an taispeántas ar siúl i bhfoirgneamh CESE ón 3 go dtí an 30 Meitheamh, agus tá sé beartaithe ócáid seolta a eagrú an 3 Meitheamh 2019 tráth a bheidh cruinniú CCMI ar siúl.

Tuilleadh eolais: https://www.eesc.europa.eu/en/agenda/our-events/events/post-industrial-societies-art-crisis-values (cc)