Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag iarraidh ar an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit an comhionannas idir fir agus mná a chur ar bharr a gcláir oibre pholaitiúil toisc imní a bheith ann go bhféadfadh na hionsaithe a rinneadh le déanaí ar chearta na mban san Eoraip baint go mór den dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an gcomhionannas idir fir agus mná.
"Le deich mbliana anuas, tá feachtas eagraithe feiceálach á chur chun cinn i gcoinne an chomhionannais idir fir agus mná agus chearta an duine. Ina lán réimsí, mar shampla pá, pinsin agus deiseanna fostaíochta, tá an dul chun cinn maidir leis an gcomhionannas ina stad nó ag dul ar gcúl", arsa Indre Vareikytė, an rapóirtéir le haghaidh na Tuairime ar shaincheisteanna comhionannais inscne.
Bhí an méid seo le rá aici freisin: "Má leantar ar aghaidh ar an ráta atá ann faoi láthair, tógfaidh sé breis agus 100 bliain go mbeidh comhionannas idir fir agus mná san Eoraip, agus ní bheidh an oiread céanna ceart ag mná na nglún a thiocfaidh inár ndiaidh agus atá ag mná na glúine seo againne.”
Tá iarrtha ag CESE ar an Aontas géarú ar na maidí agus an comhionannas a leagan síos mar sprioc neamhspleách sna creataí airgeadais a bheidh ann amach anseo, agus straitéis cheangailteach cúig bliana a chruthú lena bhféadfar déileáil go héifeachtach le gnéithe uile an chomhionannais idir fir agus mná.
Tá iarrtha aige ar na Ballstáit uile nach bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl daingnithe acu go fóill athmhachnamh a dhéanamh ar an seasamh atá acu ina leith agus tá iarrtha aige ar an gCoimisiún an ciapadh agus an slua-ionsú ar mhná ar líne a chur leis an sainmhíniú ar an bhfuathchaint neamhdhleathach.
Chun ionadaíocht chothrom a chinntiú i measc a chomhaltaí féin, tá iarrtha ag CESE ar an gComhairle na treoirlínte atá aici maidir le ceapachán chomhaltaí CESE a athbhreithniú agus tá sé á mholadh aige go roghnódh na Ballstáit na comhaltaí ar bhonn cothromaíocht inscne. Faoi láthair, is mná iad 30 % de chomhaltaí CESE. (ll)