Sa fhreagra a thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar an measúnú a rinne an Coimisiún Eorpach ar an gcaoi a seasann cúrsaí sa mhargadh aonair faoi láthair, d’áitigh CESE go bhfuil a lán buntáistí ag saoránaigh na hEorpa toisc an margadh aonair a bheith ann. Aerthaisteal ar phraghas réasúnta, deireadh le táillí fánaíochta, níos mó deiseanna fostaíochta i margadh saothair a chlúdaíonn an chuid is mó de mhór-roinn na hEorpa, agus cearta tomhaltóirí a thugann ardleibhéal cosanta beag beann ar theorainneacha náisiúnta. D’fhéadfadh sé gurb é an scéal dearfach sin an leigheas ar an bpobalachas, ar an náisiúnachas agus ar an gcosantas, arsa CESE.

An 15 Bealtaine, i dtionól iomlánach CESE, glacadh tuairim ar an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal The Single Market in a changing world – A unique asset of renewed political commitment [An Margadh Aonair i ndomhan atá ag athrú – Áis ar leith tiomantais pholaitiúil athnuaite] ina dtugtar léargas ar 25 bhliain den mhargadh aonair agus achoimre ar na dúshláin atá amach romhainn.

Thug CESE le fios sa tuairim uaidh gur mhór an dul chun cinn ba ea an margadh aonair agus nár mhór don Aontas Eorpach a chinntiú go dtuigeann saoránaigh na hEorpa gur de thoradh an mhargaidh aonair go bhfuil buntáistí acu mar thomhaltóirí, mar úinéirí gnólachtaí agus mar oibrithe le 25 bhliain anuas – meastar gur fiú 8.5% d’olltáirgeacht intíre an Aontais Eorpaigh na sochair sin:

D’fhág an margadh aonair go raibh deiseanna ag gnólachtaí na hEorpa méadú agus cur lena gcuid gnó ar fud na hEorpa. Ar leibhéal domhanda, d’fhág sé gurbh fhéidir leis an Eoraip tionchar a imirt ar mhargadh mór de 512 mhilliún duine, rud a léiríodh le deireanas nuair a rinneadh iarrachtaí ar fud an domhain cloí leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

Áitíonn CESE go gcabhróidh an gaisce sin leis an Aontas an tacaíocht chuí a fháil le go bhféadfar an margadh aonair a chur in oiriúint don ré dhigiteach.

Is gá a aithint freisin gur deis chun luachanna agus cearta Eorpacha a athdhearbhú atá sa mhargadh aonair: "Na luachanna sin – an tsaoirse, an fás eacnamaíoch, an daonlathas, an tsíocháin, an eolaíocht agus an nuálaíocht, an chobhsaíocht pholaitiúil – agus cearta tomhaltóirí agus sóisialta, ní mór iad a bheith in intinn an tsaoránaigh i gcónaí. Spreagann na luachanna sin na Ballstáit agus na saoránaigh le dul chun cinn a dhéanamh," arsa rapóirtéir na tuairime, Gonçalo Lobo Xavier.

"Bíonn tionchar ag an margadh aonair ar chách; sin an fáth a bhfuil sé chomh cumhachtach sin", arsa comhrapóirtéir na tuairime, Juan Mendoza Castro. "Caithfimid troid i gcoinne bhagairtí an phobalachais agus an náisiúnachais atá ag teacht chun cinn go tréan san Eoraip agus tá an margadh aonair ar cheann de na bealaí is fearr atá againn chun cur i gcoinne na dteachtaireachtaí sin".

Tá aird CESE dírithe freisin ar bheartas iomaíochta an Aontais. Rialacha an bheartais sin trína gcuirtear teorainn le cúnamh stáit agus trína gcuirtear i gcoinne mí-úsáid ceannasachta, tá siad ina bhfoinse fuinnimh do mhargadh na hEorpa agus le leas an tomhaltóra agus lucht gnó. Mar sin féin, toisc dian-iomaíocht dhomhanda a bheith ann ó olagaplachtaí nó monaplachtaí (a bhíonn faoi úinéireacht stáit, uaireanta), ba cheart don Aontas a éileamh go mbeadh bonn cómhalartach ann i gcónaí idir an Eoraip agus a comhpháirtithe trádála, rud a chabhródh le cuideachtaí Eorpacha dul san iomaíocht i margaí nua. (dm)