Is é a bhí le rá ag Margrethe Vestager, an Coimisinéir um Iomaíocht, agus í i láthair ag seisiún iomlánach Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), go bhfuil “an Coimisiún ag brú an chánachais dhigitigh chun cinn toisc go bhfuil gá le réiteach domhanda. Dúirt sí nach bhfuil sé sásúil go mbíonn ar ghnólachtaí áirithe cánacha a íoc ach nach mbíonn ar ghnólachtaí eile”. Ach mhínigh an Coimisinéir go mbeidh ar an Aontas Eorpach réiteach Eorpach a aimsiú i dtosach.

Toisc an iomaíocht a bheith chomh tábhachtach sin don daonlathas eacnamaíoch, chuir Uachtarán CESE, Luca Jahier, Margrethe Vestager i láthair mar urlabhraí iomaíochta na hEorpa, agus dúirt sé: “Mura ligimid ach do dhornán daoine smacht a bheith acu ar shonraí, beidh smacht ag an dornán sin freisin ar an ngeilleagar agus ar an daonlathas, agus, dá thoradh, cruthófar dúshláin sna blianta amach romhainn”. Bhí an Coimisinéir Vestager ar aon tuairim leis agus dúirt sí gur féidir le “méideanna móra faisnéise buntáiste a thabhairt do ghnólachtaí móra, buntáiste nach bhfuil gnólachtaí beaga inchurtha leis, rud a fhágann go mbíonn sé dian orthu dul san iomaíocht, fiú le táirge níos fearr, mura mbíonn mais chriticiúil sonraí nó úsáideoirí acu”. Chun an saobhadh seo ar an margadh a leigheas, dúirt Vestager gur “rud amháin a d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach a dhéanamh é a cheangal ar ghnólachtaí rochtain ar a gcuid sonraí a thabhairt dá n-iomaitheoirí le go mbeidh seans níos fearr ag na hiomaitheoirí sin”.

Leag an Coimisinéir béim air gur cheart don iomaíocht cabhrú leis na saoránaigh níos mó muiníne a chur sa saol digiteach: “Ar ardáin áirithe bailítear sonraí ó na milliúin, nó na billiúin, úsáideoir, fiú, agus bíonn níos mó eolais ag na hardáin sin fúinn ná a bhíonn ag ár muintir féin. Beidh orainn a chinntiú go ndéanfaimid an taobh dorcha den saol digiteach sin a cheansú”. Chuige sin, dúirt sí go gcosnódh an Coimisiún Eorpach “an ilfhrithing” (trínar féidir leis na tomhaltóirí níos mó ná ardán digiteach amháin a úsáid) agus go mbeadh sé “airdeallach ar ardáin ar líne atá chomh cumhachtach sin gur féidir leo feidhmiú mar réiteoirí trí na rialacha a shocrú do na gnólachtaí sin a dteastaíonn uathu áit a bhaint amach ar na hardáin sin”. (dgf)