An intleacht shaorga san Eoraip: ní ceart duine ar bith a fhágáil in áit na leathphingine

Ba cheart an intleacht shaorga a fhorbairt ar bhonn chomh cuimsitheach agus is féidir; sin é thug CESE le fios sa mheasúnú a rinne sé ar Phlean Comhordaithe an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca leis an Intleacht Shaorga. Ba cheart a chinntiú leis na beartais sa réimse seo go ndéanfaidh an Intleacht Shaorga tairbhe don tsochaí shibhialta ar go leor slite agus, ag an am céanna, gur féidir na rioscaí a ghabhann léi, mar shampla drochthionchar a imirt ar phróisis dhaonlathacha, a íoslaghdú.

Chuir CESE i bhfios sa tuairim a d’eisigh sé faoi Phlean Comhordaithe an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca leis an Intleacht Shaorga go gcaithfeadh gach beartas a bhaineann leis an Intleacht Shaorga na gníomhaithe sóisialta uile a spreagadh: lucht gnó, oibrithe agus tomhaltóirí san áireamh. Fágann sin nach mór rochtain ar shonraí agus ar bhonneagar, teacht ar tháirgí atá soláimhsithe don úsáideoir agus rochtain ar eolas agus ar scileanna a chinntiú.

Ba cheart bearta speisialta a dhéanamh chun cur le scileanna na mban i réimse na hIntleachta Saorga agus iad a spreagadh chun tabhairt faoi phoist agus cúraimí sa réimse seo. Sin é a d’áitigh an rapóirtéir Kylä-Harakka-Ruonala i bhfianaise tuarascálacha a thugann le fios go bhfuil na mná chun deiridh go mór ar na fir i ngairmeacha TFC sna Ballstáit uile (1.5 milliún bean as 8.9 milliún san iomlán in 2018, de réir fhigiúirí Eurostat).

Ní mór córais oideachais na mBallstát a leasú ó bhonn má táthar chun aos óg na hEorpa a ullmhú le páirt a ghlacadh i ndomhan ina mbeidh an Intleacht Shaorga ina dlúthchuid de. Is gá curaclaim na scoileanna uile, ón mbunscoil go dtí an ollscoil, a athchóiriú chun bonn ceart eolais a chinntiú san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic, agus i réimse na smaointeoireachta criticiúla. Cuideoidh sin leis an éileamh ar scileanna a shásamh san Eoraip, áit a raibh, de réir an Choimisiúin, 600 000 folúntas do shaineolaithe digiteacha nár líonadh in 2018.

Ag an am céanna, is éard a theastóidh ó oibrithe an lae inniu atá i mbaol a bpost a chailleadh ná foghlaim ar feadh an tsaoil agus foghlaim leanúnach chun a gcuid scileanna a uasghrádú nó athoiliúint a fháil i gcúraimí nua, óir is dóigh go n-athróidh an Intleacht Shaorga nádúr na bpost seachas deireadh a chur leo.

Creideann CESE gur cheart go mbeadh an infheistíocht san oideachas agus san oiliúint ina cuid lárnach de straitéisí na mBallstát i leith na hIntleachta Saorga, agus gur gá cistí de chuid an Aontais a mhéadú chun tacú le hathchóirithe.

Chun deimhin a dhéanamh de go ndéanfaidh an Intleacht Shaorga tairbhe ar go leor slite don tsochaí ina hiomláine, mhol CESE go nglacfadh an tAontas Eorpach an creat trípháirteach um fhorbairt inbhuanaithe mar chur chuige treorach. Is éard a dúirt Kylä-Harakka-Ruonala, rapóirtéir ná tuairime: "Má dhéanann an Intleacht Shaorga tairbhe don tsochaí – de mheon na forbartha inbhuanaithe – tríd an rathúnas eacnamaíoch, an fholláine shóisialta agus an tsláinte, mar aon le gnóthachain don chomhshaol, a chruthú, is féidir a mhaíomh go bhfuil leas na sochaí á dhéanamh aici", rud a léireoidh nach mórábhar imní í, faoi mar a cheaptar ina taobh inniu. (dm)