Tá CESE den tuairim gur cheart go mbeadh an t-aosú le dínit ina cheart bunúsach. Tá muintir na hEorpa ag maireachtáil níos faide anois, agus is maith an rud é sin. Ach toisc an daonra a bheith ag dul in aois, tá dúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus sláinte nua ag teacht chun cinn a dhéanann difear do dhaoine scothaosta, dá dteaghlaigh agus don tsochaí. Is rófhada anois atá faillí á déanamh san ábhar sin agus, dar le CESE, níltear ag teacht roimh na riachtanais atá ag daoine scothaosta. I dtuairim a glacadh an 15 Bealtaine, tharraing CESE aird ar an acmhainn mhór atá i ndaoine scothaosta, acmhainn a bhfhéadfaí leas a bhaint as do phoist nua agus do dhul chun cinn teicneolaíoch.

Tá cúntóirí baile, cúramóirí pearsanta, cúntóirí cúraim agus altraí i measc na ngairmeacha beatha ina gcruthófar an líon is mó post amach anseo. Tá dlúthbhaint ag an oideachas a chuirfear ar na hoibrithe sin le leas daoine scothaosta.

“Molaimid clár Eorpach le haghaidh leibhéal íosta oiliúna/oideachais d’altraí geirinteolaíochta, cúramóirí agus cúntóirí cúraim, ní hamháin ar leibhéal teicniúil ach ar leibhéal sóisialta agus daonna freisin, le go mbeidh sé níos éasca ag oibrithe cúraim agus seirbhísí do dhaoine scothaosta bogadh ó Bhallstát go Ballstát”, arsa Marian Krzaklewski, rapóirtéir na tuairime seo ó CESE. Ba cheart an oiliúint a éascú trí uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a úsáid. Tá sé molta freisin ag CESE creat coiteann Eorpach a bhunú ina gcuimseofaí an chuid is fearr de na cláir oiliúna atá ar fáil.

Teastaíonn ó dhaoine atá ag dul anonn sna blianta maireachtáil chomh fada agus is féidir ina mbaile féin. Maidir le CESE, is den riachtanas é go ndéanfaí a gcuid roghanna a chur san áireamh, i gcomhar lena gclann agus lena ngaolta. “Mar sin féin, ní rogha idir cúram baile agus cúram in ionad cónaithe amháin ba cheart a bheith ann uaidh seo amach”, arsa Jean-Pierre Haber, comhrapóirtéir na tuairime. “Is ann do shaoráidí malartacha cheana féin, agus ní mór na saoráidí sin atá le tógáil go fóill a thógáil i gcruth lena n-éascófar an mhaireachtáil neamhspleách. Ba cheart an dearadh atá orthu a bhunú, dá bhrí sin, ar phróifílí fíordhaoine agus ar riochtaí sláinte ina bhfuil siad.”

Tá sé iarrtha ag CESE freisin úsáid níos fearr a bhaint as nuálaíochtaí sa teicneolaíocht dhigiteach: an teilileigheas, braiteoirí, cárta digiteach cliniciúil agus taifeadtaí leighis cliniciúla, mar aon le teicneolaíochtaí uathoibrithe baile, a chuirfeadh le neamhspleáchas daoine scothaosta agus a mbeadh an cúram níos éifeachtúla agus níos sábháilte freisin dá mbarr. (sma)