Togra curtha i láthair ag CESE chun rannchuidiú FBManna i leith an bhithgheilleagair a fheabhsú

"Is é an dúshlán atá romhainn ná go gcaithfear an t-athrú aeráide a chomhrac agus bia a chur ar fáil do dhomhan ar gearr go mbeidh daonra de 10 mbilliún ina gcónaí air. Féadfaidh an bithgheilleagar, ar faoina scáth a dhéantar acmhainní bitheolaíocha in-athnuaite a tháirgeadh agus a thiontú ansin go bia, ábhar beatha agus táirgí bithbhunacha, féadfaidh sé ról mórthábhachtach a bheith aige i dtaca leis an dá chuspóir seo a bhaint amach,"a dúirt Mindaugas Maciulevičius agus Udo Hemmerling, rapóirtéirí na tuairime ó CESE maidir leis An Straitéis Bhithgheilleagair a Thabhairt Cothrom le Dáta, a glacadh an 15 Bealtaine.

Tá prionsabail na hinbhuanaitheachta riachtanach i gcomhair bithgheilleagar 'nua' agus caithfear acmhainní nádúrtha a chaomhnú chun go leanfaidh siad de bheith táirgiúil.

Tá ról tábhachtach ag FBManna sa bhithgheilleagar. Ionas gur féidir leo tuilleadh a dhéanamh sa réimse seo, is gá dóibh comhairle níos fearr a fháil chomh maith le rochtain ar mhaoiniú. Tá sé riachtanach seirbhísí comhairleacha aonair agus solúbtha a chur ar bun chun cuidiú le FBManna in earnáil an agraibhia tionscadail nuálacha fadtéarmacha a sheoladh. Ina theannta sin, d'fhéadfadh ról tabhachtach a bheith ag an gcomhar idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha chun cur le héifeachtacht agus chun tús a chur le malartú eolais, saineolais agus dea-chleachtas.

D’fhéadfadh naisc idir ceantair éagsúla (ceantair uirbeacha agus thuaithe, ceantair thuaithe éagsúla, agus an mhórthír agus na farraigí) tacú le slabhraí luacha agus braislí inbhuanaithe sa bhithgheilleagar, agus chabhródh seo go háirithe le tíortha na hEorpa Láir agus Thoir cur lena dtáirgeacht agus, ar an gcaoi sin, borradh a chur faoin bhfás agus faoi phoist, go mór mór i gceantair faoin dtuath. Tá go leor leor bithmhaise sa réigiún sin de thoradh gníomhaíochtaí forleathana i réimsí na talmhaíochta, na foraoiseachta agus an iascaigh, agus tá móracmhainn bithmhaise ann nár úsáideadh fós mar ba cheart. (sma)