Ba cheart do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh cur leis an infheistíocht phoiblí san fhoghlaim ar feadh an tsaoil, agus béim ar leith a leagan ar an oideachas do dhaoine fásta, agus ba cheart dóibh tuilleadh cistí a dháileadh ar an bhfoghlaim i suíomhanna neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúla, inar féidir le foghlaimeoirí scileanna níos boige a fhorbairt, amhail an smaointeoireacht chriticiúil agus obair bhuíne, nó tréithe carachtair ar nós na ceannaireachta agus na fiosrachta.
Aithnítear anois níos mó ná riamh go mbeidh na scileanna boga sin, chomh maith le bunscileanna litearthachta agus scileanna digiteacha, ag teastáil ó dhaoine chun iad féin a chur in oiriúint don tionchar a bheidh ag an dul chun cinn digiteach agus teicneolaíoch ar fud an domhain. Tá domhan na hoibre agus na próifílí scileanna in a lán jabanna ag athrú chomh tapa sin faoi láthair de bharr an dul chun cinn sin gur deacair go minic na scileanna a theastóidh amach anseo a thuar.
Díríodh aird ar an bpointe sin i dtuairim féintionscnaimh a d’ullmhaigh CESE ar iarratas ó Uachtaránacht na Cróite ar an Aontas Eorpach. Iarradh freisin sa tuairim sin go ndéanfadh na Ballstáit maoiniú spriocdhírithe a chur in áirithe chun go mbeadh na grúpaí is leochailí sa tsochaí in ann breisoiliúint agus athoiliúint a fháil le go mbeadh gach duine – is cuma cén cúlra atá aige nó aici – in ann scileanna nua a fhoghlaim a bheadh in oiriúint do na jabanna a bheidh ann amach anseo.
Is é bhí le rá ag rapóirtéir na tuairime, Tatjana Babrauskienė, go bhfuil sé léirithe ag paindéim Covid-19 gur féidir an fhoghlaim a chur in oiriúint go tapa d’athruithe: “Nuair a bheidh an saol arís mar a bhí sé tráth, ba cheart don tsochaí ceachtanna a fhoghlaim ón taithí ríomhfhoghlama a fuaireamar le linn na paindéime agus na modhanna agus na scileanna sin a fhorbairt tuilleadh agus infheistiú iontu le go bhféadfaidh gach foghlaimeoir, is cuma cén cúlra sóisialta atá aige nó aici, eolas a chur orthu agus leas a bhaint astu.”
Leag an comhrapóirtéir, Pavel Trantine, béim ar an tábhacht a bhaineann le timpeallachtaí foghlama éagsúla a chomhtháthú sna beartais oideachais, oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil le go bhféadfar acmhainneacht phearsanta agus uathúil gach foghlaimeora a chur chun cinn. Tá sé iarrtha ag CESE ar an Aontas Eorpach agus ar na húdaráis náisiúnta aghaidh a thabhairt ar na tograí sin agus maoiniú a chur ar fail dóibh. (ll)