Ós rud é go bhfuil sciar na hEorpa sa daonra domhanda níos ísle ná mar a bhí riamh agus nach dócha go mbeidh babaíbhorradh eile ann, beidh ar an Eoraip cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh más fúithi an meath déimeagrafach a thiontú thart, an fhostaíocht a spreagadh agus beartais shóisialta agus eacnamaíocha a ghlacadh, ar beartais láidre iad trínar féidir muinín na saoránach sa todhchaí a athbhunú.

Sa tuairim Demographic challenges in the EU in light of economic and development inequalities, [Dúshláin dhéimeagrafacha san Aontas Eorpach i bhfianaise éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus forbartha], dúirt Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa gur cheart tús áite a thabhairt, leis an gcur chuige sin, do bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, ar beartais iad trínar féidir comhrac in aghaidh na dífhostaíochta agus cur le poist ardcháilíochta a chruthú, go háirithe do dhaoine óga arb ionann a ráta dífhostaíochta agus thart ar dhá oiread an mheáin i ngach tír den Aontas.

Ar mhaithe le treochtaí déimeagrafacha dearfacha a áirithiú, gné lárnach eile is ea iad beartais teaghlaigh atá cobhsaí réamhghníomhach agus lena gcuirtear an chothromaíocht oibre is saoil chun cinn, amhail saoire do thuismitheoirí agus obair sholúbtha.

Ní hí an inimirce an réiteach deiridh chun dul i ngleic le hiarmhairtí an aosaithe dhéimeagrafaigh san Eoraip, cé gurb amhlaidh gur féidir easnaimh saothair agus scileanna a chúiteamh léi, dar le CESE.

"Is airde rátaí breithe na mBallstát a bhfuil beartais teaghlaigh ghníomhacha acu ná rátaí breithe na mBallstát sin nach bhfuil a leithéid de bheartais acu nó a bhfuil a cinn féin lag", a dúirt rapóirtéir na tuairime, Stéphane Buffetaut. "Is é an aidhm atá ann a dheimhniú nach mbeadh daoine thíos leis, ó thaobh an chaighdeáin maireachtála nó deiseanna gairme de, dá mbeadh clann acu.”

De réir an chomhrapóirtéara Adam Rogalewski, is an-tábhachtach an fachtóir é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme ar mhaithe le staid dhéimeagrafach an Aontais a fheabhsú, a bhuí leis na bearta sóisialta láidre a mholtar ann.

Sa tuairim, a dréachtaíodh tar éis d’Uachtaránacht na Cróite ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an méid sin a iarraidh, tagraíodh don fhadhb a bhaineann le “imirce daoine oilte”, rud a thiteann amach in oirthear na hEorpa den chuid is mó, mar a dtugann na hoibrithe aghaidh ar thíortha ar láidre go heacnamaíoch iad.

Ainneoin gur saoirse bhunúsach den Aontas í saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais, thug CESE foláireamh gur cheart féachaint chuige nach dtacófaí le himirce chórasach na ndaoine ardcháilithe agus ardoilte mar ghéaródh ar an mbearna scileanna le tíortha i mbéal forbartha leis sin, rud a dhéanfadh dochar d’fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha sin. (ll)