Tá CESE an-sásta leis an togra ón gCoimisiún maidir leis na treoirlínte fostaíochta athbhreithnithe do na Ballstáit, ach d’iarr sé go ndéanfaí na treoirlínte sin a oiriúnú chun aird a thabhairt ar an ngéarchéim fostaíochta agus shóisialta atá i ndán dúinn de thoradh ráig Covid-19 agus chun cabhrú le héifeachtaí díobhálacha na géarchéime sin ar mhargaí saothair na hEorpa a mhaolú.

Tá sé á mholadh ag CESE gur cheart smaoineamh thar an gcoitiantacht i mbliana agus treoirlíne bhreise urghnách nó éigeandála a thabhairt isteach a chabhródh leis na Ballstáit a mbeartais fostaíochta a chur in oiriúint do na cúinsí eisceachtúla atá ann.

D’fhéadfaí a áireamh sa treoirlíne éigeandála fostaíochta sin tagairtí do bhearta sealadacha éifeachtacha is gá chun tionchar na géarchéime a mhaolú, amhail socruithe maidir le hobair ghearrthéarmach, tacaíocht ioncaim, síneadh ar phá breoiteachta nó cur chun cinn na cianoibre ach an fhreagracht atá ar fhostóirí as sláinte agus sábháilteacht na bhfostaithe a chur san áireamh ag an am céanna.

Cuireadh moltaí CESE san áireamh i dtuairim uaidh maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát, togra a foilsíodh díreach sular bhris ráig Covid-19 amach. Glacadh an tuairim sin ó CESE le linn an tseisiúin iomlánaigh a tionóladh go cianda an 7 Bealtaine. 

“D’fhéadfadh drochthionchar fadtéarmach ar mhargaí saothair na hEorpa a bheith ag an suaitheadh eacnamaíoch atá ann de thoradh ráig Covid-19. Bíonn gá le dian-idirphlé sóisialta do gach beartas fostaíochta agus is gá tuilleadh a dhéanamh chun an t-idirphlé sóisialta a éascú agus a chur chun cinn, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon,” arsa an rapóirtéir ginearálta Ellen Nygren. (ll)