Ón nGrúpa "Éagsúlacht Eoraip"

Alain Coheur

Níl ann ach géarchéimeanna agus tuilleadh lena chois sin, géarchéimeanna airgeadais, eacnamaíocha, sóisialta, bia, imirce, slándála agus comhshaoil...agus ar deireadh...an ghéarchéim sláinte. Fágann margaíocht na heagla go bhfuilimid á mbrú ó ghéarchéim amháin go géarchéim eile agus go bhfuil an domhan ina lánstad d’aon ghnó toisc nach bhfuiltear toilteanach amhras a chaitheamh ar an tsamhail forbartha eacnamaíche lenar tugadh tosaíocht do leasanna airgeadais thar na blianta trí sheirbhísí poiblí a phríobháidiú agus tríd an gcosaint shóisialta a lagú. A bhuí leis an tsamhail sin gabhadh saibhreas ar mhaithe le daoine áirithe, cuireadh ról an Stáit ó mhaith agus rinneadh na daoine is laige a íobairt ar altóir na déine leis an bport “níl aon rogha eile ann”. D’fhág ár gcóras eacnamaíoch gur tháinig an tuar faoin tairngreacht agus go mbíonn caidreamh ilroinnte idir daoine agus iad iompaithe ina n-andúiligh atá tugtha do thomhailt an phléisiúir.

Is iad na daoine ceannann céanna a ndearnadh íobairt díobh cheana atá á n-íobairt anois: lucht na ngairmeacha sin uile a measann na maithe agus na móruaisle iad a bheith gan tábhacht, nach bhfuil mórán measa orthu, a bhfuil beag is fiú déanta díobh fiú, is orthu atá aird an phobail tarraingthe anois. Tá gairmeacha a bhfuil dearmad déanta againn orthu ríthábhachtach don chomhtháthú sóisialta; gairmeacha a sheas an fód thar na blianta in aghaidh bhuillí na brabúsachta, na táirgiúlachta agus na héifeachtúlachta eacnamaíche, rinneamar dearmad orthu d’ainneoin na n-agóidí a rinneadh in aghaidh folús polaitiúil millteanach a bhí ann. I measc na n-oibrithe ar an túslíne inár gcóras sláinte, tá altraí, oibrithe cúraim, cúntóirí baile, dochtúirí ginearálta, oideoirí, síceolaithe, oibrithe cúraim leanaí, oibrithe sóisialta, agus iad siúd uile a chabhraíonn le daoine atá tinn, eisiata, fulangach, imeallaithe, cleithiúnach, gan dídean, gan doiciméid, agus mar sin de. Tugann an ghéarchéim seo léargas ar na barrachais agus ar na neamhionannais uile atá inár sochaithe.

Tá dearmad déanta againn ar cad is leas coiteann ann agus tá faillí déanta againn i dtábhacht na gcomhluachanna lena n-aontaítear muid, lena dtugtar le chéile muid, agus lena dtugtar brí dár gcaidreamh daonna agus fiú do bheatha an duine féin. Tá ár sochaí ag imeacht le sruth ó na luachanna sin toisc go raibh sí in ísle brí cheana, í ilroinnte, curtha dá treo, agus timpeallaithe d'aon ghnó le bagairt mhillteanach na hathbheochana náisiúnaí agus pobalaí.

As seo amach, is ar na polaiteoirí agus ar na heacnamaithe a bheidh an t-ualach trom muid a threorú amach as an tsáinn seo. Mar ní féidir ach ceann de dhá thoradh a bheith ar an méid sin: féachfaimid ar an ngéarchéim seo mar cheann de na guaiseacha nach mór dúinn aghaidh a thabhairt orthu ar bhonn ad hoc agus, dá bhrí sin, cabhróimid leis an tsochaí freagairt níos fearr a thabhairt ar imeachtaí den chineál sin, nó, rogha eile, athróimid ár bport go “tá rogha eile againn” nuair a bheidh deireadh leis an ngéarchéim sláinte. D’fhéadfaí an méid sin a dhéanamh trí mhargadh nua a chur chun feidhme, comhshocrú sóisialta agus comhshaoil nua a bheadh bunaithe ar luachanna na dlúthpháirtíochta agus an chomhionannais, arb é an rath atá ar an ngeilleagar sóisialta atá mar spreagadh leis, i measc nithe eile, agus ar cheart é a chur i bhfeidhm trí ghníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh amhail ár dtáirgeadh a athlonnú trí thús áite a thabhairt do shlabhraí soláthair atá gearr, áitiúil agus slán, chomh maith le poist a chruthú lena gcuirfear ioncam cuibhiúil ar fáil do gach uile duine againn. Ní mór dúinn borradh a chur faoi na seirbhísí poiblí, iad a aithint mar sheirbhísí fíor-riachtanacha agus cur ar a gcumas a gcuid cúraimí a dhéanamh i gceart, faoi choimirce Stát sóisialta agus rialaitheach, nach bhfuil faoi bhos an chait ag margaí airgeadais.

Má dhéanfaimid an rogha ceart, ní hé amháin go mbeidh seans againn teacht as “géarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo” ach beidh seans againn, chomh maith, ár gcaidreamh leis an tsochaí agus leis an gcomhshaol a athrú.