Gach bliain, easáitítear a thrí oiread daoine de dheasca tubaistí nádúrtha ná mar a easáitítear de dheasca coinbhleachtaí armtha agus cineálacha eile foréigin, agus is daoine a easáitíodh ina dtír féin de bharr teagmhais aimsire is cionsiocair le roinnt mhaith den imirce idirnáisiúnta atá anois ann.

Ainneoin sin, tá locht ar an gcosaint dlí atá ag daoine a raibh orthu a mbaile agus a dtír a thréigean ar chúiseanna comhshaoil toisc nach bhfuil aon sainmhíniú dlíthiúil ann ar an stádas atá acu agus nach bhfuil aon chomhlacht idirnáisiúnta ar leith ann a dhéanann monatóireacht ar an gcosaint a thugtar dá gcearta. Ardaíodh an méid sin in éisteacht a tionóladh mí an Mhárta i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), éisteacht a tionóladh ar líne as siocair bearta maidir leis an gcoróinvíreas (COVID-19) a bheith i bhfeidhm.

Dúirt na cainteoirí a labhair le linn na héisteachta go gcaithfear glacadh leis an easáitiú ar chúiseanna comhshaoil mar shaincheist a bhaineannn le cearta an duine agus go dteastaíonn cur chuige bunaithe ar chearta a mbeadh creat cuimsitheach dlí mar bhonn agus mar thaca aige. Níl ach méid beag córais dlí ann faoi láthair is féidir a úsáid chun na críche sin agus níl aon nasc idir na córais sin.

Sa phlé reatha a dhéanann lucht na polaitíochta ar chúrsaí imirce is minic nach dtráchtar ar imircigh agus dídeanaithe ach mar phrapaí stáitse chun rabhadh a thabhairt faoin mbaol a bhaineann leis an athrú aeráide. Argóintí seineafóibeacha a scaiptear dá thoradh sin, á thabhairt le tuiscint go mbeidh na milliúin imirceach agus dídeanaí ar leac an dorais againn mura laghdaítear astaíochtaí CO2.

Fadhb eile is ea nach ndéanann stáit aon bheart go dtí go mbuaileann an tubaiste ná aon iarracht an t-easáitiú a chosc nuair is féidir.

Thar rud ar bith eile, áfach, tá géarghá leis an athrú aeráide a mhaolú trí, ar an gcéad dul síos, an t-ardú ar theocht an domhain a choinneáil ag 1.5°C, agus, freisin, trí na hastaíochtaí CO2 a laghdú go mór. Mura ndéantar sin, beidh níos mó imirce ann, agus tiocfaidh méadú freisin ar an bhfeiniméan “faoi éigeantas gan corraí” – an cruachás ina bhfuil daoine atá róbhocht le haslonnú. (ll)