Seimineáir ghréasáin CESE maidir leis an gcoróinvíreas: An tAontas Eorpach agus an Afraic – Comhrac comhpháirteach i gcoinne phaindéim COVID-19

An 29 Aibreán, d'eagraigh CESE seimineár gréasáin chun breathnú ar staid na himeartha i dtaca leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Afraic, rud a measadh a bheith ar cheann de na príomhthosaíochtaí de chuid an Choimisiúin do na blianta amach romhainn agus rud atá i mbaol anois de dheasca phaindéim COVID-19. Chomhaontaigh na rannpháirtithe gur phríomh-shaincheisteanna iad comhdhlúthú na slabhraí soláthair agus comhaontú chun an t-ualach fiachais sheachtraigh ar thíortha Afracacha a mhaolú.

Ghlac na daoine seo a leanas páirt sa díospóireacht sin, rud atá ar cheann de shraith seimineár gréasáin atá á heagrú ag CESE chun a bharúlacha ar phaindéim COVID-19, agus ar iarmhairtí na paindéime, a nochtadh: Luca Jahier, Uachtarán CESE; Vera Songwe, Fo-Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe agus Rúnaí Feidhmiúcháin Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Afraic; Ambasadóir Ranieri Sabatucci, Ceann Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh agus Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh chuig Aontas na hAfraice; Stefano Manservisi, an t-iarArd-Stiúrthóir um Chomhar Idirnáisiúnta agus Forbairt (DEVCO) ag an gCoimisiún Eorpach; Dilyana Slavova, Cathaoirleach ar an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach in EESC agus Stephen Karingi, Stiúrthóir na Roinne Lánpháirtíochta Réigiúnaí, Bonneagair agus Trádála ag Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Afraic. (dgf)