Dearcadh na Cosmhuintire - Podchraoladh 6: Cabhrú le gnólachtaí le linn ghéarchéim COVID-19
Sa phodchraoladh seo, déanann úinéir óstáin agus ionadaí ó earnáil na tionsclaíochta Marc Van Muylders, ar Beilgeach é, cur síos ar an tionchar ollmhór atá ag COVID-19 ar earnáil na turasóireachta agus na n-óstán, agus míníonn Milena Angelova, Leas-Uachtarán CESE atá freagrach as ábhair bhuiséadacha agus Ardrúnaí Chomhlachas Caipitil Thionsclaíoch na Bulgáire (BICA), go bhfuil CESE ag cur a chuid saineolais ar fáil do ghnólachtaí atá ag streachailt leis an ngéarchéim ar fud na hEorpa. Tugann Amandine Crespy, ollamh leis an eolaíocht pholaitiúil i Saor-Ollscoil na Bruiséile (Université Libre de Bruxelles), agus ollamh ar cuairt i gColáiste na hEorpa (Collège d'Europe) in Brugge, cuntas ar na pleananna ginearálta atá ag an Aontas chun cuidiú le gnólachtaí Eorpacha teacht slán.