Thacaigh CESE leis an bplean gníomhaíochta maidir le bréagaisnéis a chuir an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais Eorpaigh i láthair. I dtuairim ó Ulrich Samm agus Giulia Barbucci a glacadh ag an seisiún iomlánach i mí an Mhárta, léirigh CESE gur féidir bréagaisnéis a shainmhíniú mar fhaisnéis a léirítear ar bhonn infhíoraithe a bheith bréagach nó míthreorach agus a cheaptar, a chuirtear i láthair agus a scaiptear le haghaidh gnóthachan eacnamaíoch nó chun dallamullóg a chur d’aon ghnó ar an bpobal, rud a dhéanfaidh dochar dá réir sin don phobal agus a chuirfidh an daonlathas i mbaol.

"Is cuid de chogadh hibrideach a bhfuil aidhm shoiléir pholaitiúil aige anois é scaipeadh na bréagaisnéise," arsa . "Sa bhreis ar an mbréagaisnéis, tá bagairtí eile ann do shaoirsí na ndaoine, do chearta bunúsacha agus do chearta mionlach, mar shampla faisnéis ró-roghnaitheach, clúmhilleadh, reacaireacht uafáis agus gríosú chun fuatha."

I gcás na bréagaisnéise is éifeachtaí bíonn ruainne den fhírinne inti i gcónaí agus dá bhrí sin is fíordheacair cur ina coinne go héifeachtach. "Is éard atá uainn mar sin ná go ndéanfadh na geallsealbhóirí go léir iliomad cineálacha gníomhaíochta chun faisnéis ardchaighdeáin a sholáthar agus feasacht a mhúscailt. Is ar an ábhar sin atáimid ag tacú leis an tionscnamh a bhfuil mar aidhm aige gníomhaíocht chomhordaithe a spreagadh d’fhonn an tAontas Eorpach, a chuid institiúidí agus a chuid saoránach a chosaint ar an mbréagaisnéis," a dúirt Giulia Barbucci, Uasal. "Is gá dúinn gníomhú anois toisc nach fada uainn mí na Bealtaine tráth a reáchtálfar na toghcháin Eorpaigh."

Tá rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí na sochaí sibhialta ríthábhachtach má táthar chun freagairt chuimsitheach ar an mbréagaisnéis a chur ar fáil. Tá CESE i mbun tacaíocht a thabhairt go réamhghníomhach d’iarrachtaí comhpháirteacha chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus déanann sé a chion féin trí na tuairimí a eisíonn sé agus trí éisteachtaí, imeachtaí áitiúla agus roinnt gníomhaíochtaí eile a eagrú. (mp)